Turas treoraithe go Conamara

Bígi linn ar thuras bóthair agus ar chamchuairt threoraithe timpeall Chonamara leis an bhfile, an scéalaí agus an staraí Seán Ó Coistealbha ar an Dé Sathairn, 13 Meitheamh, ag 9.30rn.
Is éard atá i gceist leis an turas lae seo ná go dtabharfaidh tú do charr féin leat, go mbeidh daoine ag comhroinnt carranna le cairde, agus go gcaitheann muid lá iomlán i gcuideachta fear a bhfuil eolas agus tuiscint ollmhór aige ar Ghaeltachtaí Dheisceart Chonamara.
Tá an turas seo saor in aisce, ach táimid ag iarraidh ar dhaoine clárú linn ar Eventbrite ionas go mbeidh na huimhreacha deimhnithe again roimh ré. Tá líon na spásanna teoranta.
Buailfimid le chéile ag an gCeardlann ar An Spidéal, sráidbhaile dúchais O Coistealbha, ag 9.30am maidin Dé Sathairn, an 13ú Meitheamh.
Iarrtar ar dhaoine as Baile Chláir, Carn Mór, agus Eanach Dhúin socrú a dhéanamh go dtiomáinfidh duine amháin gach triúr nó ceathrar rannpháirtithe roimh ré. Is fiú na ticéid saor in aisce a chur in áirithe le chéile!
Tabharfaidh Seán muid ar thuras siúil uair an chloig timpeall an Spidéil sula mbogfaimid siar go Baile na hAbhann le haghaidh iniúchadh dhá uair an chloig ar shuíomhanna seandálaíochta spéisiúla ón Aois Mhéisiliteach go Cogadh na Saoirse.
Ansin tógfaimid ár gcarranna níos faide siar go Ceantar na nOileán, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre i nDeisceart Chonamara, chuig suíomhanna seandálaíochta agus turasóireachta.
Beidh beagánín bia againn i dteach ósta áitiúil, Ti Durkin no Tí Mháirtín Bháin, sula sroichfimid an Spidéal aris thart ar 6in.
Rinne Seán cur i láthair iontach ag an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Leacht Seoirse le déanaí agus táimid ag tnúth lena chur síos uathúil agus greannmhar ar oidhreacht, tírdhreach agus muintir Chonamara ar an 13ú Meitheamh.
Is í an Ghaeilge teanga an imeacht seo. Cé nach gá a bheith líofa sa teanga le páirt a ghlacadh, tá gá le leibhéal áirithe Gaeilge chun taitneamh a bhaint as an ócáid.
Is féidir freastal ar uasmhéid de 25 duine ar an turas seo agus tá ticéid saor in aisce ar fáil anois ag an nasc seo:
https://www.eventbrite.com/e/turas-go-conamara-tickets-1990573246164?aff=oddtdtcreator

