Fúinn

Cé hiad Gaeltacht an Eachréidh?

Is cuideachta muid atá i gceannas ar an bplean teanga a chur i bhfeidhm i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltacht an Eachréidh (Baile Chláir, Carn Mór, agus Eanach Dhún).

Tá muid ag obair le naíonraí agus le scoileanna, le gnólachtaí, agus le muintir na háite chun úsáid na Gaeilge a neartú sa cheantar.

Bíonn muid ag eagrú imeachtaí Gaeilge do chuile leibhéal, agus ag cruthú deiseanna duitse do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid.

Coinnigh súil ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta chun a bheith ar an eolas faoi ranganna agus na himeachtaí uile atá ar siúl againn!