Ár gCainteoirí Dúchais

Níos luaithe i mbliana, chuamar timpeall chun agallamh a chur ar naonúr cainteoirí dúchais Gaeilge ó Ghaeltacht an Eachréidh.
Ba iontach an rud é bualadh leo agus iad ag labhairt faoina n-óige agus iad ag fás aníos i dteaghlaigh lán Ghaelacha in Eanach Dhúin, i gCluain Bua, agus i mBaile Chláir na Gaillimhe.

I mí Dheireadh Fómhair, tháinig slua speisialta le chéile in Óstán Pháirc Mhionlaigh I nGaillimh chun ómós a léiriú do na cainteoiri dúchasa. Bhí cóisir fíor speisialta again, le ceol, comhrá, craic, agus blaiseadh beag den saibhreas teanga atá ag na Gaeilgeoirí áitiúla.
Tá deich gcinn de na físeáin ar fáil anois le féachaint ar ár gcainéal nua YouTube.