Gnólachtaí
- Home
- Gnólachtaí
Gnólachtaí
Rinneadh suirbhéanna i nGaeltacht an Eachréidh faoi stádas na Gaeilge inár bpobal i 2019. D’aontaigh breis agus 76.5% de mhuintir na háite go bhfuil sé tábhachtach dóibh stádas Gaeltachta ár bpobal a choinneáil. D’aontaigh, nó d’aontaigh go láidir, 78% gur mhaith leo níos mó Gaeilge a chloisteáil á labhairt sa cheantar.
D’fhéadfadh go n-áireofaí anseo comharthaí Gaeilge, biachláir Ghaeilge, agus níos mó Gaeilge ar na meáin shóisialta.
Tá sé mar cheann d’aidhmeanna Ghaeltacht an Eachreidh cabhrú le gnólachtaí inár gceantar ár dteanga dhúchai a chur chun cinn. Mar shampla, bhain baill foirne ag dhá chomhlacht i bPáirc Chorparáideach Bhaile Chláir taitneamh as ranganna Gaeilge a chabhraigh leo cumarsáid níos fearr a dhéanamh lena gcustaiméirí ‘as Gaeilge’.
Más maith leat cúnamh a fháil chun an Ghaeilge a chur chun cinn i do ghnó, agus le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil lenár nOifigeach Pleanála Teanga ag eolas@gaeltachtaneachreidh.ie