‘BBQ an tSamhraidh’ díolta amach go hiomlán

Bhí sé go hiontach Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ó gach cearn de Ghaeltacht an Eachréidh a fheiceáil ag ár ‘BBQ an tSamhraidh’ in Ostán na nAirsí i mBaile Chláir oíche Shathairn.
Díoladh na ticéid ar fad don imeacht seo sé lá roimh ré; léiríonn sé sin go bhfuilimid ag tosú ar phobal Gaeilgeoirí a chothú anseo i mBaile Chláir, in Eanach Dhúin agus ar an gCarn Mór.
“Beatha teanga í a labhairt” mar a deireann an seanfhocal.
Go raibh míle maith agaibh go léir as an atmaisféar iontach ag Óstán na nÁirsí.
Míle buíochas freisin leis an ngrúpa ceoil traidisiúnta Ogma, lonnaithe i nGaillimh, a chuir Chuir siad ceol den scoth ar fáil ar feadh dhá uair an chloig.
Mar is gnáth, bhí foireann agus bainistíocht Óstán na nÁirsí thar a bheith freastalach agus cabhrach, agus bhí an bia ar fheabhas.
Ag deireadh an bharbaiciú, d’inis ár n-oifigeach pleanála teanga, Ciarán O Tiarnaigh, don slua mór go raibh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta le tosú arís in Óstán Na nÁirsí ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Dúirt Ciarán freisin go mbeadh dhá ‘Chiorcal Comhrá’ ar siúl oíche Déardaoin an geimhreadh seo san óstán céanna: ceann nua do thosaitheoirí agus do fhoghlaimeoirí idir 7 agus 8 i.n., agus an dara ceann do dhaoine atá níos compordaí ag labhairt na Gaeilge, idir 8 agus 9 i.n.
Dúirt sé go raibh samhradh iontach ag Gaeilgeoirí an Eachréidh, le turais go hOileáin Árann, go Conamara, agus go hOirthear na Gaillimhe, ‘Sauna Le Gaeilge’ den chéad uair riamh in Eanach Dhúin, agus déagóirí ag baint suilt as cúrsaí Gaeilge in Órán Mór agus Inis Oírr.
“Ba mhór an sásamh é a fheiceáil go raibh gach ticéad díolta amach don ócáid seo arís i mbliana,” a dúirt Ciaran. “Táimid athbheochan ar siúl anseo i nGaeltacht an Eachréidh de réir a chéile. Bhí an ócáid seo dírithe ar cheiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus ar ár gcultúr, agus bia den scoth againn, agus d’éirigh thar cionn leis.
“Nach iontach an rud é seomra in óstán áitiúil a fheiceáil lán go doras le daoine ag labhairt ár dteanga dhúchais!”
- Grianghraif le Paul Fennell, Baile Chláir.




