Ag tabhairt aghaidh ar an ‘Dúshlán Cartúin’

Bhí an-craic ag daltaí i dtrí scoil i mBaile Chláir agus in Eanach Dúin le seachtain anuas agus iad ag glacadh páirte i sraith ceardlann cartúnóireachta trí mheán na Gaeilge, tionscadal comhpháirteach idir Gaeltacht an Eachréidh agus Féile Chartún na Gaillimhe.
Thaistil an t-ealaíontóir Caoimhe Lavelle, cainteoir líofa Gaeilge, go Gaillimh don fhéile agus chomhoibrigh sí arís le Ciaran Tierney, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht an Eachréidh, chun ceardlanna taitneamhacha a reáchtáil i scoileanna áitiúla.
Thaistil Caoimhe go Coláiste Bhaile Chláir ar an Déardaoin seo caite chun maoirseacht a dhéanamh ar sheisiún cartúnóireachta 90 nóiméad le grúpa daltaí ón dara bliain a léirigh cumas mór maidir le húsáid na Gaeilge.
Cúig lá ina dhiaidh sin, thaistil na daltai isteach go lár na cathrach chun cuairt a thabhairt ar chuid de na taispeántais le linn na féile, atá ag ceiliúradh a deichiú bliain ar an bhfód i mbliana.
Thug na daltaí cuairt ar Amharclann an Town Hall, ar Café Plámás, ar Bell Book and Candle agus ar shiopa leabhar Charlie Byrne chun breathnú ar na cartúin roimh deireadh an fhéile ar an Máirt.
Bhain siad taitneamh freisin as an dara ceardlann le Caoimhe i seomra oideachais Mhúsaem Chathair na Gaillimhe tráthnóna Dé Máirt, áit ar mhínigh Ciaran an coincheap taobh thiar den ‘Dúshlán Cartúin’ dóibh. Bhí ar gach rannpháirtí sa cheardlann leabhar grinn a chruthú laistigh d’uaire an chloig sa mhúsaem.
Tá dhá sheachtain acu anois chun páirt a ghlacadh sa ‘Dúshlán Cartúin’, ina roghnóidh moltóirí ó Fhéile Chartún na Gaillimhe triúr buaiteoirí a chuir an iarracht is mó isteach ina gcuid cartún.
I measc na duaiseanna tá dearbhán €100 do Cregal Art, dearbhán €50 do Charlie Byrnes, agus dearbhán €25 do Powells Four Corners.
Tá an-tóir ar an gcomórtas seo i measc scoláirí Choláiste Bhaile Chláir le trí bliana anuas. Le linn na féile, reáchtáil Caoimhe ceardlanna cartún le rang a sé i Scoil Naomh Breandán, Eanach Dhúin, agus le rang a cúig agus rang a sé i Scoil Náisiúnta an Charn Mhóir.
Bhí sé iontach an tallann i measc na n-ealaíontóirí óga i nGaeltacht an Eachréidh a fheiceáil le linn na féile.


Cartún le Donal Casey ag Aras Eanna, Inis Oirr, mar pairt d’Fhéile Cartún na Gaillimhe.


