Muintir an Eachréidh ag dul go hInis Meáin

Beidh Gaeilgeoirí an Eachréidh ag dul ar thuras báid ar an Satharn beag seo (Meán Fómhair 26).
Tá cúpla spás fós ar fáil le haghaidh an turas lae seo go hInis Meáin, an ceann is síochánta d’Oileáin Árann.
Tar éis dúinn an bád a thógáil ó Ros a’ Mhíl, buailfimid le chéile ag an gcéibh thar tar 11.15rn le haghaidh turas ar an oileán in éineacht leis an scríbhneoir, múinteoir, agus bean a bhfuil dúil mhór aici sa dúlra, Aedin Ní Thiarnagh.
Scríobhann Aedín colún álainn gach seachtain i Seachtain san *Irish Independent* faoin saol ar an oileán beag agus faoina grá don Ghaeilge. Is breá le Aedin daoine a threorú timpeall an oileáin, áit ina bhfuil sí ina cónaí le cúig bliana anuas.
Tabharfaidh sí ár ngrúpa ar thuras treoraithe chuig Cathaoir Synge agus Teach Synge, le haghaidh léargas ar shean-stíl maireachtála in Inis Meáin, agus Séipéal Mhuire, chun breathnú ar fhuinneoga gloine dhaite Harry Clarke.
Déanfaidh sí plé ar na plandaí fiáinie agus ar thírdreach geolaíoch an oileán, cultúr an oileán, agus athruithe sa saol ann.
Beidh lón ar fáil sa Teach Ósta agus beidh am neamhspleach ag daoine le cuairt a thabhairt ar an trá, an mhonarcha chniotála, nó Dún Conchúir, roimh an bád a thógáil ar ais do dtí an mórthír thart ar a 4.40in.
Tá an turas seo saor in aisce do mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh, ach caithfidh tú d’iompar féin a shocrú chuig an oileán. Beidh daoine ag taisteal ar an mbád ó Ros an Mhíl ag a 10.30rn agus is féidir bus a thógáil as lár na cathrach freisin.
Cuir ticéad SAOR IN AISCE in áirithe don turas siúil anseo, mar go bhfuil spásanna teoranta. Níl ach 18 spás ar fáil.
Cuir do thicéad báid (agus bus) in áirithe ag https://www.aranislandferries.com/ nó glaoigh orthu ag (091) 568903, go háirithe má tá taisteal saor in aisce agat.
Tá bus as lár na cathrach ag Árann Island Ferries a nascann leis an mbád farantóireachta go hInis Meáin.
https://www.eventbrite.com/e/turas-go-hinis-meain-tickets-1999534989981

Aedin Ni Thiarnaigh

