Tallann den scoth ag an Dúshlán Cartúin

Fógrófar buaiteoirí ár ‘Dúshlán Cartúin’ le bronnadh speisialta i gColáiste Bhaile Chláir Déardaoin seo chugainn, an 19ú Samhain.
Maith sibh na scoláirí i gColáiste a chuir cartúin isteach dár nDúshlán Cartún tar éis dhá cheardlann a chríochnú le Ghaeltacht an Eachréidh agus cuairt a thabhairt ar na taispeántais le linn Fhéile Cartún na Gaillimhe an mhí seo caite.
Bhí an-craic acu agus iad ag glacadh páirte i sraith ceardlann cartúnóireachta trí mheán na Gaeilge, tionscadal comhpháirteach idir Gaeltacht an Eachréidh agus Féile Chartún na Gaillimhe, leis an ealaíontóir Caoimhe Lavelle as Baile Átha Cliath.
Is cainteoir líofa Gaeilge í Caoimhe, agus is breá léi a grá do chartúin a roinnt le daoine óga. Tagann sí go Gaillimh don fhéile gach bliain.
Bhí sí i gceannas ar cheithre cheardlann cartún ‘as Gaeilge’ le daltaí ó Choláiste Bhaile Chláir, Bun Scoil Bhaile Chláir, agus Scoil Naomh Breandán, Eanach Dhúin, le linn na féile sé lá ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Thug na daltaí ón dara bliain cuairt freisin ar thaispeántais na féile i nGaillimh, agus ghlac siad páirt i gceardlann eile i Músaem Chathair na Gaillimhe.
Tugadh coicís do na daltaí meánscoile chun a gcartúin féin a chruthú, agus chuir siad faoi bhráid an mhúinteora John Cooke iad roimh laethanta saoire na Samhna.
Bhuail an tOifigeach Pleanála Teanga, Ciaran Tierney, le Margaret Nolan agus Richard Chapman ón bhféile an tseachtain seo caite chun na buaiteoirí a roghnú, agus fógrófar na buaiteoirí sa scoil ar an 19 Samhain.
Maith sibh ar fad!
#Gaeilge #BhaileChlair #GalwayCartoonFestival


