Spreagann Julie Ann an chéad ghlúin eile

Tá áthas an domhain ar Ghaeltacht an Eachréidh a bheith ag obair leis an dá naionrai i mBaile Chláir agus ar an gCarn Mór an geimhreadh seo chun grá don scéalaiocht agus ceol a chothú I measc na bpáistí.
Reáchtálann Naíonra Chairn Mhóir agus Naíonra Clúidin na mBabai, i mBaile Chláir, a gcuid gníomhaíochtaí go léir as Gaeilge.
Tá siad cláraithe le Comhar Naíonra na Gaeltachta, a bhfuil líonra acu i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, agus spreagann siad grá don teanga ag leibhéal na réamhscoile.
Tá sé mar aidhm acu go mbíonn an-spraoi ag na páistí gach lá agus go bhfaigheann siad na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas.
Is ar éigean a thugann na páistí faoi deara go bhfuil siad ag piocadh suas focail nua Gaeilge mar go bhfuil an oiread sin spraoi acu sa naionra i rith an lae.
Chun a gcuid oibre a neartú, tá cuireadh tugtha ag Gaeltacht an Eachréidh don scéalaí clúiteach do pháistí, Julie Anne De Brún, ceithre cheardlann a eagrú ar maidin Déardaoin i mí na Samhna agus mí na Nollag sa dá naionra.
Is breá le Julie Anne a bheith ag obair le páistí óga, agus tá sí ag tnúth le beagán spraoi a bheith aici ar an gCarn Mór agus i mBaile Chláir nuair a chuirfidh sí tús leis na ceardlanna ar an Déardaoin beag seo.
Go n-éiri libh!
#Gaillimh #Gaeilge #Naionraí

