Téarma nua ranganna Gaeilge i mBaile Chláir

Tá téarma nua ocht seachtaine de ranganna Gaeilge do dhaoine fásta le tosú in Óstán na nAirsí i m Baile Chláir, Dé Máirt, ag deireadh na míosa seo chugainn.
Tá áthas ar Ghaeltacht an Eachréidh a fhógairt go mbeidh dhá rang Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil againn arís in Óstán na nÁirsí ón 29 Meán Fómhair.
Cuirfidh an múinteoir Katie Ni Dhonnabháin ranganna taitneamhacha, idirghníomhacha ar fáil ina mbeidh an bhéim ar chomhrá, comhoibriú le chéile, agus ar spraoi.
Bhí atmaisféar iontach ag na ranganna seo anuraidh agus díoladh amach go hiomlán iad roimh ré.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Máire Nic Oireachtaigh as na ranganna seo a reáchtáil anuraidh – ní bheidh Máire ar fáil i mbliana mar go bhfuil sí ag cur a cuid scrúduithe ollscoile i gcrích. Guíonn muid gach rath uirthi!
Tá líon na spásanna teoranta agus moltar do dhaoine áiteanna a chur in áirithe a luaithe is féidir. Níl an costas ach €70 ar ocht rang uair an chloig.
Beidh sos seachtaine againn do laethanta saoire na Samhna ar an 27 Deireadh Fómhair, agus táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an téarma ar an 24 Samhain. Mar a rinneamar anuraidh, tá súil againn filleadh ar théarmaí breise tar éis laethanta saoire scoile na Nollag agus na Cásca.
Más glantosaitheoir thú, nó mura bhfuil focal Gaeilge agat ó bhí tú ar scoil, moltar duit an rang ar leibhéal níos ísle a dhéanamh ó 7 go 8 i.n. Múinfidh Katie frásaí bunúsacha comhrá do na scoláirí agus béim ar chraic agus comhrá bunúsach.
Moltar do dhaoine fásta a gcreideann go bhfuil siad ag leibhéal Idirmheánach (B1) nó Idirmheánach Íochtarach (A2) páirt a ghlacadh sa dara rang ó 8.15 go 9.15pm. Má thuigeann tú Ros na Rún nó tráchtaireacht ar chluichí ar TG4, ach má tá tú beagáinín “meirgeach” nó as cleachtadh, is é seo an rang duitse.
Molann Gaeltacht an Eachréidh go láidir duit do leibhéal Gaeilge a sheiceáil ar líne sula gcláraíonn tú. Tá tástáil leibhéal iontach ar líne ag Gaelchultúr atá éasca le húsáid agus a thógann thart ar 10 go 20 nóiméad ag an nasc seo: https://www.gaelchultur.com/en/assessment
Is in Óstán na nÁirsí a bhíonn ár ‘ciorcal comhrá’ seachtainiúil i gClár na Gaillimhe ar siúl agus tá áthas orainn ár gcairdeas a leathnú leis an ngnó teaghlaigh seo atá i gcroílár phobal na Gaeilge i nGaeltacht an Eachréidh thar na blianta.
Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú an €70 don téarma ocht seachtaine a íoc roimh ré ar ár leathanach Eventbrite, agus bheadh sé i bhfad níos éasca má dhéanann tú an tástáil leibhéil sula gcláraíonn tú. Ní bheidh ach uasmhéid de 14 scoláire i ngach rang.
Níl na spásanna ar fáil go fóill.
Beidh na ticéid ar díol go luath i mí Mheán Fómhair ar leathanach Eventbrite Ghaeltacht an Eachreidh.
Bhí na ranganna seo go léir curtha in áirithe go hiomlán roimh ré i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus arís i mí Eanáir — nuair a tháinig foireann ó Nuacht TG4 go dtí na hÁirsí chun a fháil amach cén fáth a bhfuil an Ghaeilge chomh “cool” i mBaile Chláir.
Más mian leat fanacht ar an eolas faoi na ranganna seo agus áit a chur in áirithe a luaithe agus a bheidh na ticéid ar fáil, cláraigh le do thoil dár nuachtlitir mhíosúil tríd an gcód QR thíos. Beidh an nasc chun áit a chur in áirithe ar ár ranganna Gaeilge le fáil sa chéad eagrán eile den nuachtlitir, a bheidh á eisiúint againn go luath i mí Mheán Fómhair.
Téigh i dteagmháil le Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil.


