Díolann dhá imeacht amach roimh ré

Beidh an grúpa ceoil Ogma linn i mBaile Chláir Dé Sathairn.

 

Tá an dá imeacht atá Gaeltacht an Eachréidh ag reachtáil an deireadh seachtaine seo – sabhna in Eanach Dúin agus beárbaiciú i mBaile Chláir – díolta amach go hiomlán.

Bhí 50 ticéad ar fáil don ‘BBQ an tSamhraidh’ ag Óstán The Arches ar an Satharn beag seo, an 29 Lúnasa (7–9 i.n.), agus bhí siad uile díolta faoi mhaidin Dé Luain.

Bhain cainteoirí Gaeilge Ghaeltacht an Eachréidh taitneamh as réimse leathan gníomhaíochtaí i rith an tsamhraidh — ina measc turais go Conamara, go hOileáin Árann agus go hOirthear na Gaillimhe — agus is deis í an barbaiciú seo chun taitneamh a bhaint as oíche shóisialta sula bhfilltear ar an scoil, ar na ciorcail chomhrá áitíula,, agus ar na ranganna Gaeilge!

Beidh an grúpa ceoil traidisiúnta Ogma ag seinm beo linn ar an Satharn, agus tugtar cuireadh freisin do cheoltóirí agus do amhránaithe áitiúla a gcuid uirlisí a thabhairt leo agus páirt a ghlacadh i seisiún neamhfhoirmiúil tar éis an tseisiúin dhá uair an chloig dhá uair an chloig a bheidh ar siúl acu san Arches.

Díoladh na ticéid ar fad don chéad ‘Sauna le Gaeilge’ riamh ag Cé Eanach Dúin laistigh de thrí huaire an chloig tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar líne an tseachtain seo caite.

Tá Gaeltacht an Eachréidh i gcomhpháirtíocht le Folláine Sauna — gnólacht atá lonnaithe ag Cé Eanach Dúin le trí bliana anuas — chun ráta speisialta lascainithe a thairiscint do Ghaeilgeoirí ar mian leo freastal ar sheisiún sa sabhna trí mheán na Gaeilgea ar an Déardaoin beag seo, an 27 Lúnasa (ag 7 i.n.).

Dúirt Ciaran O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht an Eachréidh, go raibh sé ar bís gur díoladh amach go hiomlán na ticéid don imeacht ag an sabhna, díreach trí huaire an chloig tar éis dóibh a bheith curtha ar fail ar líne.

“Is léir ón éileamh ar an dá imeacht go bhfuil spéis mhór in imeachtaí trí Ghaeilge ar an taobh seo den Choirib,” a dúirt Ciaran. “Ní mór dúinn a bheith thar a bheith sásta go bhfuil athbheochan iontach anseo ó thaobh an spéis atá ag daoine inár dteanga agus inár gcultúr dúchais.

“Ba cheart go spreagfadh an t-éileamh ollmhór ar imeacht Eanach Dúin muid chun ‘Sauna le Gaeilge’ eile a reáchtáil go luath. Gabhaimid buíochas le gach duine a cheannaigh ticéad díreach tar éis dóibh a bheith curtha ar díol. Agus ba mhaith liom leithscéal a ghabháil eis na daoine nár éirigh leo ticéad a fháil.”

Dúirt Ciaran go mbeidh sé in ann téarma nua ranganna Gaeilge ag The Arches a fhógairt ag an mbeárbaiciú Dé Sathairn.

Ceoltóirí ag ár mbeárbaiciú samhraidh i 2025.