Tá na ranganna Gaeilge ar ais

Tá an-tóir ar ár ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir ó thosaíomar i mí Dheireadh Fómhair agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh téarma sé seachtaine eile againn roimh laethanta saoire an tsamhraidh.
Beidh muid ar ais in Ostán na Airsi aris an mhi seo chugainn le haghaidh téarma sé seachtain leis an múinteoir óg Máire Nic Oireachtaigh. Níl an costas ach €50 don téarma.
Bhí Máire gnóthach le scrúduithe san ollscoil i nGaillimh í féin le cúpla seachtain anuas, agus mar sin bhí orainn sos a ghlacadh ó laethanta saoire na Cásca. Tá ticéid do na ranganna, an dá leibhéal, ar díol anois, tar éis dúinn tús áite a thabhairt do na daoine a bhí linn cheana féin.
Tosóidh rang na dTosaitheoirí ar an Dé Máirt, 12 Bealtaine, ag 7pm (go 8pm) agus an rang Idermhéanach ag 8.15 (go dtí 9.15) ar an tráthnóna céanna. Beimid críochnaithe faoin 16 Meitheamh mar tá a fhios againn nach mian le daoine a bheith ag freastal ar ranganna le linn an tsamhraidh ghairid!
Bhí atmaisféar iontach sna ranganna seo le linn na hocht seachtaine a rinneamar roimh Laethanta Saoire na Cásca agus bhíomar fiú ar Nuacht TG4, mar bhí an-suim acu sa mhéid éileamh atá ar ranganna Gaeilge anseo i nGaeltacht an Eachréidh!
Níor chreid siad go raibh siad díolta amach go hiomlán.
Cuir áit in áirithe go luath (€50 ar feadh sé seachtaine) le bheith cinnte spás a bheith agat san Arches.
Roimh clárú, is fiú do leibhéal Gaeilge a sheiceáil ag an nasc seo:
https://www.gaelchultur.com/en/assessment
Más é A1 nó A2 do scór, ba chóir duit clárú don chéad rang ag 7pm.
Más tá leibhéal B1 agat, agus má tá tuiscint éigin agat ar an nGaeilge, is é an rang 8.15pm an ceann is fearr duitse.
Is féidir ticéid a cheannach ag an nasc seo:
https://www.eventbrite.com/e/ranganna-gaeilge-le-maire-irish-classes-for-adults-in-claregalway-tickets-1987387241739


