‘Siúlach Scéalach’ in Eanach Dhúin
‘Siúlach Scéalach’ in Eanach Dhúin

Bígi linn chun siúlóid agus cleachtadh a dhéanamh ar bhur gcuid Gaeilge agus muid ag déanamh iniúchadh ar fhothracha na heaglaise, an reilig, agus an tírdhreach iontach timpeall Eanach Dhúin ar an gCéadaion beag seo.
Ó mhí Aibreáin i leith, tá grúpa Gaeilgeoirí i nGaeltacht an Eachréidh ag bualadh le chéile agus ag siúl le chéile ar feadh uair an chloig gach tráthnóna Dé Céadaoin (7.30pm).
Tar éis dúinn an ‘Siúlach Scéalach’ a eagrú i mBaile Chláir agus ar an gCarn Mór, seo ár gcéad siúlóid in Eanach Dhúin.
Bhi orainn siúlóid treoraithe le Hubert Jennings a chur ar athló Dé Céadaoin seo caite, 1 Iúil, mar gheall ar droch aimsir, ach cuirfimid ar siúl arís é mar imeacht speisialta le Hubert an mhí seo chugainn le cúnamh Dé.
Ar ang Céadaion beag seo, buailfimid le chéile sa charrchlós taobh amuigh den Ghaelscoil áitiúil (Eircode H91C963) le haghaidh siúlóid a thógfaidh thart ar uair an chloig.
Rinne ár nOifigeach Pleanála Teanga, Ciaran Tierney, iniúchadh ar an gceantar coicís ó shin agus bhí aimsir den scoth ann le linn siúlóide uair an chloig in éineacht le Patrick O’Flaherty, a reáchtálann an ‘Ciorcal Comhrá’ míosúil i Regans i gCluain Bú.
Ní gá go mbeifeá i do chainteoir líofa Gaeilge chun páirt a ghlacadh ar an ócáid seo
Ní gá ach teacht i láthair taobh amuigh den bhunscoil ag a 7.30in, do charr a pháirceáil agus siúl linn ar feadh uair an chloig.


