Scoláireachtaí go hInis Oírr

An trá in Inis Oirr. Grianghraf le Ciarán Tierney.

Tá Gaeltacht an Eachréidh i gcomhar le ceann de na coláistí samhraidh is fearr sa tír agus lenár meánscoil áitiúil i mBaile Chláir chun scoláireachtaí a thairiscint le freastal ar Coláiste Laictín in Inis Oírr an samhradh seo chugainn.

Tá ríméad orainn a fhógairt gur féidir linn ceithre scoláireacht a thairiscint do bhuachaillí agus do chailíní ó Choláiste Baile Chláir chun freastal ar Choláiste Laictín ar feadh coicíse ag deireadh mhí Iúil agus tús mhí Lúnasa 2026.

Seo an chéad bhliain a raibh deis againn scoláireachtaí a thairiscint do Choláiste Samhraidh ó thosaíomar ag cur plean teanga i bhfeidhm do Bhaile Chláir, Carn Mór, agus Eanach Dhúin.

Faoi láthair, tá daltaí Choláiste Baile Chláir ag cur a n-iontrálacha i gcrích do chomórtas chun scoláireachtaí a bhuachan i gColáiste Laictin ón 25 Iúil go dtí an 8 Lúnasa.

Tá ceithre áit ar fáil, dhá cheann do bhuachaillí agus dhá cheann do chailíní, do dhaltaí ón ón meánscoil ina bhfuil 1,300 dalta cláraithe.

Inniu an dáta deiridh a bhí ag na daltaí taifeadtaí a chur faoi bhráid na múinteoirí Gaeilge chun soiléiriú a thabhairt cén fáth ar chóir dóibh a bheith ar a mbealach go hInis Oírr an samhradh seo chugainn.

Is deis iontach í seo coicís a chaitheamh ar oileán álainn i gceann de na coláistí samhraidh Gaeilge is fearr sa tír.

Is oileán álainn é Inis Oírr, atá saibhir ó thaobh cultúir agus ceoil de, agus áit iontach le cúpla seachtain a chaitheamh i lár an tsamhraidh.

Ráthófar dhá sheachtain iontacha do na buaiteoirí ar an oileán, nach bhfuil ach 300 duine ina gcónaí ann, agus go bhfillfidh siad le cumas i bhfad níos fearr sa Gaeilge.

Buíochas le múinteoirí Ms Doran agus an tUasal Seoighe as ucht an comórtas a eagrú i gColáiste Baile Chláir as na ceithre dhuais iontach seo.

Fógrófar na buaiteoirí i mí Eanáir.

Inis Oirr ag luí na gréine. Grianghraf le Ciaran Tierney.