Ranganna Gaeilge díolta amach i mBaile Chláir

Muintir Baile Chláir ag baint taitneamh as ‘Ciorcal Comhrá’ san Arches.
Ádh mór ar na daoine fásta go léir atá ag tosú ar ranganna Gaeilge in Óstán na nÁirsí i mBalie Chláir tráthnóna amárach (Dé Máirt).
Bhí sé spreagúil an spéis mhór a léirigh daoine sna ranganna nua seo, a bhí díolta amach faoi mhaidin Dé hAoine.
Gabhaimid ár leithscéal leo siúd nár éirigh leo ceann de na 24 áit a bhí ar fáil a fháil ar Eventbrite.
Beidh an múinteoir óg Máire Nic Oireachtaigh, a chríochnaigh Dioplóma sa Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana, i láthair chun foghlaimeoirí a threorú trí shé seachtaine de ranganna.
Is as Baile Chláir do Mháire agus tá sí fós ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe. Tá áthas orainn go bhfuil sí ar fáil gach tráthnóna Dé Máirt go dtí deireadh mi na Samhna.
Cuirfidh sí béim ar chomhrá agus ar bheith ag foghlaim frásaí laethúla a úsáid inár dteanga dhúchais.
B’fhéidir gurb iad Kneecap nó an Cailin Ciuin atá freagrach, ach, tá athbheochan ollmhór spéise sa Gaeilge ag tarlú ó Bhéal Feirste go Ciarraí faoi láthair.
Má bhíonn an t-aiseolas dearfach, tá súil againn go mbeimid in ann dul ar aghaidh leis na ranganna seo arís i ndiaidh laethanta saoire na Nollag. Nó iad a leathnadh amach chuig tráthnónta agus ionaid eile.

