Píotsa saor in aisce le Gaeilge

Chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mbliana, táimid ag tairiscint píotsa saor in aisce do 15 duine ó Ghaeltacht an Eachréidh má thagann siad linn le haghaidh oíche chomhrá agus craic in Áth Cinn ar an Déardaoin, an 5ú Márta, ó 6.30 go 8.30in.
Tá Gaeltacht an Eachréidh i gcomhar le Gaeilgeoiri Áth Cinn le haghaidh oíche chomhrá ‘as Gaeilge’ ag Campbell’s Tavern an tráthnóna sin agus tá píotsa 12” saor in aisce ar fáil don chéad 15 duine a chláróidh linn ar ár leathanach Eventbrite.
Is é atá i gceist le pleanáil teanga ná pobail a thabhairt le chéile agus tá áthas orainn ár ndá chiorcal comhrá rathúla i mBaile Chláir agus i Loch Seoirse a nascadh lenár gcomharsana a reáchtálann ‘ciorcal comhrá’ coicísiúil ag Tigh Campbell.
Níl le déanamh agat ach ceann de na ticéid saor in aisce a chur in áirithe ar ár leathanach Eventbrite, an ticéad a phriontáil amach roimh ré, agus é a chur i láthair na foirne tar éis duit taitneamh a bhaint as píotsa ag Campbell’s Tavern ar an 5 Márta.
Ní fhéadfadh sé a bheith níos éasca!
Cuir do thicéad saor in aisce in áirithe ag an nasc seo:
https://www.eventbrite.com/e/piotsa-saor-in-aisce-agus-gaeilge-le-cheile-tickets-1982972736836

