Píotsa agus Gaeilge in Áth Cinn

 

Míle buíochas le gach duine a bhí linn dár n-oíche píotsa agus comhrá ‘as Gaeilge’ i dTeach Tábhairne Campbells, Áth Cinn, tráthnóna Déardaoin seo caite.

Bealach álainn a bhí ann le tús Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le daoine ag taisteal ó Bhaile Chláir, Eanach Dhúin agus Cluain Bú le bualadh leis an gciorcal comhrá rialta a d’eagraigh Niamh Ni Ruiséil ag Tigh Campbell.

Buaileann Niamh agus baill Gaeilgeoiri Áth Cinn le chéile i dTeach Tábhairne Campbell gach coicís agus bhí áthas orthu an deis a fháil a ‘cúpla focal’ a chleachtadh le go leor daoine nua!

Bhi píotsa saor in aisce do 15 duine ó Ghaeltacht an Eachréidh a chláraigh linn le haghaidh oíche chomhrá agus craic in Áth Cinn. Agus díol an ócáid amach roimh ré!

Bhí áthas orainn ár ndá chiorcal comhrá rathúla i mBaile Chláir agus i Loch Seoirse a nascadh lenár gcomharsana a reáchtálann ‘ciorcal comhrá’ coicísiúil ag Tigh Campbell.

Dúirt fear amháin as Eanach Dhún, a bhí sa bhaile ón mBruiséil don ócáid, go bhfuil sé ag tosú ranganna nua Gaeilge sa Bheilg an tseachtain seo chugainn, sampla eile den athbheochan iontach atá ag teacht chun cinn sa Gaeilge faoi láthair.

Ní bheidh an ‘ciorcal comhrá’ in Óstán na nÁirsí an tseachtain seo mar gheall ar cheolchoirm mhór I mBaile Chláir, ach beimid ar ais san óstán arís ar an Déardaoin, an 19ú Márta (8pm).