Osclaíonn na naíonraí na doirse

Cathriona Ui Bhrógan ag labhairt ag an óiche tús bliana i gCarn Mór aréir.

Tá an dá naíonra iontacha a sholáthraíonn oideachas réamhscolaíochta as Gaeilge i gCarn Mór agus i mBaile Chláir na Gaillimhe ag oscailt na dóirse faoi láthair do uismitheoirí nua a bhfuil a bpáistí le tosú leo i mí Mheán Fómhair.

Aréir d’oscail Cathriona agus Bridie ag Naionra Carn Mór a ndoirse do thuismitheoirí, agus beidh cruinniú tús bliana ag Blaithín agus Martina i mBaile Chláir na Gaillimhe ar an Dé Céadaoin seo chugainn, 11 Márta.

Reáchtálann Naíonra Chairn Mhóir agus Naíonra Clúidin na mBabai, lonnaithe i mBaile Chláir na Gaillimhe, a gcuid gníomhaíochtaí go léir inár dteanga dhúchais agus cuireann siad atmaisféar iontach pearsanta ar fáil do pháistí áitiúla.

Tá naíolann Carn Mór suite i dteach club CLG agus tá rochtain aici ar halla mór le haghaidh gníomhaíochtaí do na páistí ar laethanta báistí.

Chuir Caitríona fáilte roimh na tuismitheoirí nua aréir agus roinn sí a paisean don Ghaeilge leo, agus dúirt an tOifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht an Eachréidh, Ciarán Tierney, gur rud iontach é do pháistí áitiúla an Gaeilge a fhoghlaim ar bhealach spraíúil sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil.

Labhair Melissa Nic Eafartaigh, Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, faoin tacaíocht a fhaigheann na naíonraí óna heagraíocht agus ar an sár-leibhéal Gaeilge atá ag teastáil ó na naíonraí le go n-aithneofaí iad mar naíonraí Gaeltachta.

Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) an Soláthraí Seirbhíse Luathbhlianta atá aitheanta go náisiúnta ar fud Ghaeltacht na hÉireann.

Cuireann CNNG breis is 130 seirbhís luathbhlianta ar fáil ar fud na Gaeltachta.

Tá an cheannoifig suite ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe.

Cuireann CNNG seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus oiliúna ar fáil do sheirbhísí oideachais luath-óige agus seirbhísí cúraim lena n-áirítear Naíonraí, naíolanna, clubanna bricfeasta, seirbhísí iarscoile sa Ghaeltacht.

Tá Gaeltacht an Eachréidh ag obair leis an dá naíonra le níos mó ná bliain anuas, le cabhair ón múinteoir Máire Uí Dhufaigh, atá as Inis Oirr ó dhúchais, chun breathnú ar bhealaí chun stór focal na bpáistí a fheabhsú ar bhealach spraíúil agus tarraingteach.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, tá Caithriona (Carnmore) ag 087 2349650 agus tá Bláithín (Cluidin na mBabai, Baile Chláir) ag 087 2070558.

Bheadh ​​an bheirt acu an-sásta labhairt le tuismitheoirí áitiúla mar go bhfuil áiteanna ar fáil acu beirt do pháistí ag tosú i mí Mheán Fómhair.

Melissa Nic Eafartaigh, Oifigeach Forbartha, Comhar Naíonra na Gaeltachta, i Naíonra Carn Mór aréir.

Na naionrai ag obair le chéile ar son na teanga i mBaile Chláir