Na ciorcail comhrá ag teacht arais

Ag baint an chraic as ‘ciorcal comhrá’ i mBaile Chláir

Tá an dá chiorcal comhrá an-rathúla atá ar siúl i mBaile Chlair na Gaillimhe agus i gCluain Bú le blianta fada le teacht ar ais go luath i mí Mheán Fómhair tar éis sos a thógáil don samhradh.

Beidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil i Leacht Seoirse ar ais ar an Dé hAoine, 5 Meán Fómhair, ag 10.30rn. Buaileann siad le chéile ag Ionad Traenála CLG na Gaillimhe ar sheanbhóthar Thuama.

Bíonn spraoi agus idirghníomhaíocht iontach acu agus cuireann siad fáilte ollmhór roimh rannpháirtithe nua!

Agus beidh an Ciorcal Comhrá míosúil ag Tigh Regan i gCluain Bú, ar siúl ar an gcéad Luan de gach mí, ag filleadh ar ais ar an Luan beag seo, 1 Meán Fómhair, ag 8in. Téigh i dteagmháil le Patrick O’Flaherty ag (087) 9077732 más mian leat páirt a ghlacadh nó glaoigh isteach chucu ar an oíche.

Bhí ‘Pop Up Gaeltacht’ iontach again san ionad céanna ag tús ag tús na míosa seo caite.

Fáilte roimh chách!

Bhí slua iontach ag freastal ar ár gCiorcal Comhrá nua ag The Arches Hotel I mBaile Chláir tráthnóna Déardaoin roimh laethanta saoire an tsamhraidh agus tá súil againn go mbeidh scéala againn daoibh faoi seo go luath!

An ‘Pop-up Gaeltacht’ i dTigh Regan, Cluain Bú. Bíonn ‘ciorcal comhrá’ ann ar an gcéad Luan de gach mí.

Muintir Baile Chláir ag baint taitnimh as comhrá inár dteanga dhúchais.