Ná bí cúthail ar an Satharn

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil BBQ an tSamhraidh atá á eagrú ag Gaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir an Satharn seo, 16 Lúnasa (5pm), lán go béal anois.

Cé go bhfuilimid ag tnúth le bualadh le 90 agaibh ag Tigh McHugh ar Bhóthar Thuama, táimid ag iarraidh ar dhaoine uirlis cheoil a thabhairt leo nó a bheith réidh le hamhrán a chanadh dúinn as Gaeilge tráthnóna Dé Sathairn.

Tá sé geallta ag Jarlath agus Ann Brennan, a chan roinnt amhrán iontacha ag an ‘Ciorcal Comhrá’ deireanach ag The Arches roimh shos an tsamhraidh, go dtabharfaidh siad a ngiotár leo go dtí  Teach Tábhairne Traidisiúnta McHugh ar an Satharn.

Caithfidh Jaralth, bainisteoir Fhoireann Peile na mBan Chláir na Gaillimhe a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCo. na Mí i mbliana, éalú go tapa mar go mbeidh cluiche mór ag na mban níos déanaí tráthnóna Dé Sathairn.

Beidh micreafón agus córas fuaime againn ag McHughs agus táimid ag iarraidh ar dhaoine gan a bheith cúthail tráthnóna Dé Sathairn. Má tá amhrán agat as Gaeilge nó más mian leat cúpla “tunes” a sheinm, beidh fíor fáilte romhat!

Beidh daoine as Baile Chláir na Gaillimhe, an Carn Mór, Eanach Dhúin, Mionlach, agus Tír Oileán ag freastal ar an ócáid seo agus tugtar cuireadh do cheoltóirí a gcuid uirlisí ceoil a thabhairt leo le haghaidh seisiún neamhfhoirmiúil.

Leanann an ócáid seo an ‘Bricfeasta le Gaeilge’ iontach a bhí díolta amach san ionad céanna ar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig, nuair a bhain cainteoirí Gaeilge ó thuaidh agus oirthear na cathrach taitneamh as comhrá, craic, agus ceol le chéile.

Is bealach iontach é chun daoine a thabhairt le chéile, bualadh le daoine nua, agus cúpla focail a chleachtadh le chéile ag ócáid ​​neamhfhoirmiúil.

Ag seinm ceoil ag Tigh McHugh le linn ár mbricfeasta i mí an Mhárta.

An ‘Bricfeasta le Gaeilge’ at Tigh McHugh i mi Márta. Tá stair fhada ag baint leis an nGaeilge a bheith á labhairt sa teach tábhairne seo ar Bhóthar Thuama.

Jarlath agus Ann Brennan ag casadh roinnt amhrán ag an ‘ciorcal comhrá’ deiridh in Óstán an Arches roimh ár saoire samhraidh.