Mná Bhaile Chláir ar ais ar stáitse náisiúnta

Bhronn Ciaran Tierney agus Micheal Monaghan léinte inniu ar fhoireann Pheil Ghaelach na mBan Baile Chlair na Gaillimhe ag Leacht Seoirse.

Bhí aíonna an-speisialta ag an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Léacht Seoirse ar maidin nuair a tháinig baill d’Fhoireann Pheil na mBan CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe ar cuairt chugainn roimh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCo. na Mí ar an deireadh seachtaine seo.

Beidh sé mar aidhm ag mná Bhaile Chláir an corn a bhuaigh siad anuraidh a chosaint nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar An Clochán Liath as Co. Dhún na nGall sa chluiche ceannais a bheidh á chraoladh “beo” ag TG4 ar an Luan Saoire Bainc (2 Meitheamh, 12 meán lae).

Bhronn Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht an Eachréidh, Ciarán O Tiarnaigh, t-léinte speisialta dubhghorm ar na himreoirí agus ar an fhoireann bainistiochta roimh an turas go Gaeltacht Cho. na Mí an deireadh seachtaine seo.

“Is é seo an 54ú Comórtas Peile na Gaeltachta agus tá sé go hiontach ar fad mná Bhaile Chláir na Gaillimhe a fheiceáil ag imirt ar son Ghaeltacht an Eachréidh ar stáitse náisiúnta,” a dúirt Ciarán.

“Bhí lúcháir orainn nuair a tháinig captaen na foirne Eabha Ni Riordáin agus a comh-imreoirí Chloe Ni Fhlatharta agus Laura Ni Scanláin linn ag ár gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Loch George ar maidin, tar éis dúinn na léinte a bhronnadh orthu. D’inis siad dúinn faoi neart pheil na mban i mBaile Chláir faoi láthair agus conas atá a gcuid ullmhúcháin ag dul roimh an gcomórtas an deireadh seachtaine seo.”

Bhí an-áthas ar Eabha ceisteanna a fhreagairt ó na daoine a fhreastalaíonn go rialta ar an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Leacht Seoirse gach maidin Dé hAoine.

Bhronn Ciarán agus Micheal Monaghan ó Ghaeltacht an Eachréidh 38 t-léine ar imreoirí agus ar bhainistíocht na foirne chun a rannpháirtíocht sa Chomórtas Peile na Gaeltachta, a mheall foirne ó na seacht gcontae Gaeltachta ar fud na tíre chomh maith le clubanna as Aontroim agus Baile Átha Cliath.

Tá imeachtaí na deireadh seachtaine seo i Ráth Chairn á gcraoladh beo ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta araon, agus beidh craobh na mban á chraoladh beo ar TG4 ag mean lae ar an Luain.

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969 agus d’aidhm aige lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile. Bhí lúcháir ollmhór ar muintir Bhaile Chláir nuair a bhuaigh foireann Jarlath Brennan an cluiche ceannais anuraidh i gCo. Corcaigh.

Bhí Eabha, Chloe, agus Laura ar fad ar an fhoireann a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta anuraidh agus dúirt siad ag an gCiorcal Comhrá go bhfuil siad spreagtha an chorn a thabhairt ar ais go Baile Chláir tráthnóna Dé Luain.

Thug Eabha, Chloe agus Laura cuairt ar an Ciorcal Comhrá ar maidin chun labhairt faoi Comórtas Peile na Gaeltachta

Eabha Ni Roirdáin, laura Ni Scanláin, agus Chloe Ni Fhlatharta ag an gCiorcal Comhrá i Leacht Seoirse inniu. Beidh siad ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo