Lá álainn ar an oileán draíochtúil

 

Bhí an ghrian ag taitneamh go geal Dé Sathairn nuair a chuaigh grúpa Gaeilgeoirí ó Ghaeltacht an Eachréidh ar turas iontach go dtí oileán álainn Inis Oírr.

Tar éis dúinn ‘Treasna na dTonnta’ a chanadh ar an mbád farantóireachta ó Ros a’ Mhíl, bhuail muid le chéile ag teach tábhairne ceoil cáiliúil an oileáin, Tigh Ned, maidin Dé Sathairn. Tháinig cúpla duine linn tar éis dóibh an bád a thógáil ó Dhúlainn i gCondtae an Chláir.

Thug Caithleen Ní Chonghaile, bean áitiúil as an oileán, muid ar thuras siúil dhá uair an chloig den oileán inar phléigh sí oidhreacht, stair, pobal, agus cé chomh lárnach is atá an Gaeilge i saol an oileáin.

Thugamar cuairt ar churrach in aice leis an sráidbhaile, áit a raibh radharcanna iontacha ar Inis Meáin agus ar Chonamara, áit ar labhair Catithleen faoi thábhacht na curracha don gheilleagar agus do shaol an oileáin.

Mar shampla, chuimhnigh sí gur bhíodh muintir an oileáin ag rámhaíocht sagairt idir trí Oileán Árann i ngach sórt aimsire nuair a bhí i bhfad níos lú bád farantóireachta ar fáil.

Thug sí ár ngrúpa go Cill Ghobnait, séipéal ón deichiú haois, atá suite siar ó chéibh an oileáin atá inmnithe i ndiaidh Naomh Gobnait, cosantóir Bhaile Bhuirne (i nGaeltacht Corcaí).

Tháinig Naomh Gobnait go hInis Oírr ó Chontae an Chláir le éalú ​​ó naimhde, sular bhog sé go Baile Bhuirne, agus labhair Caithleen faoin gcaoi ar athbheoíodh cairdeas idir Gaeltacht Chorcaí agus Inis Oírr le blianta beaga anuas.

Tá féile nua in onóir Naomh Gobnait i nGaeltacht Chorcaí le trí bliana anuas agus thug 25 duine ó Inis Oírr cuairt ar an fhéile le dhá bhliain anuas.

Thug Caithleen muid ar thuras siúil trasna an oileáin ansin, ag dreapadh an chnoic go Caisleán Uí Bhriain, a tógadh go luath sa 15ú haois, suíomh eile le radharc iontach ar fud an oileáin, Chuan na Gaillimhe, Conamara, agus Co. an Chláir.

Chríochnaigh ár dturas le Caithleen ag Teampall Caomhán, ar a dtugtar eaglais Naomh Caomhán freisin, ón 10ú haois.

Lonnaithe ar cnoc i reilig an oileáin, tá na fothracha iontacha. Bhí an foirgneamh seo clúdaithe go hiomlán le gaineamh go dtí gur thochail muintir an oileáin é, agus tugann siad aire dó go dtí an lá atá inniu ann.

Dúirt Caithleen linn gurb é Naomh Caomhán naomhphátrún Inis Oírr agus gurb é an 14 Meitheamh an lá a thugann muintir an oileáin onóir dó. Bíonn Aifreann sa séipéal ar an dáta sin gach bliain.

Bhí sé iontach a bheith in ann siúl síos isteach i dtailte beaga na heaglaise.

Tá eolas dochreidte ag Cathleen faoin oileán draíochta seo agus a oidhreacht – tá léarscáil foilsithe aici de gach logainm ar Inis Oírr.  Bhí sé go hálainn a cuid scéalta faoi stair shaibhir an oileáin a chloisteáil.

Tar éis idir 90 nóiméad agus dhá uair an chloig i gcuideachta Cathleen, bhuaileamar ansin leis an bhfear as Kentucky atá ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga ar an oileán.

Tháinig Davis Sandefer, as Kentucky sna Stáit Aontaithe, go dti Inis Oirr dhá bhliain ó shin agus tá sé ag baint an taitneamh as a chuid oibre, cé go mbionn an t-oileán fíor ghnóthach le turasóiri i rith na samhraidh.

Is cainteoir líofa Gaeilge é Davis. D’inis sé dúinn faoina ghrá don oileán, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a choinneáil beo i bpobail ar nós Inis Oírr, agus an chaoi a bhfuil grá níos mó aige do mhíonna an gheimhridh ná don séasúr turasóireachta.

Tar éis bualadh le Caithleen agus Davis, bhí cúpla uair an chloig saor ag daoine ansin chun an t-oileán a iniúchadh ina gcuid ama féin sular ghá dúinn ár mbealach a dhéanamh ar ais go Gaillimh ar an mbád.

Bhí lá iontach againn!