Foghlaim faoi phoitin ar thuras treoraithe

Tá Drioglann Micil suite i mBóthar na Trá i gCathair na Gaillimhe.

An mbeadh suim agat foghlaim conas poitin a dhéanamh mar chuid de thuras treoraithe as Gaeilge le Gaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir?

Foghlaim faoi stair dhriogadóireachta poitin i gConamara le teaghlach a bhfuil taithi 170 bliain acu ag drioglann Micil i mBóthar na Trá agus blais trí tháirge linn Dé hAoine, 22 Lúnasa (6in).

Inseoidh an turas uair an chloig seo, le cainteoir dúchais as Conamara, dúinn scéal an chaoi ar thiontaigh Pádraic Ó Griallais gnó teaghlaigh mídhleathach ina ghnó rathúil “dlisteanach” atá lonnaithe i mBóthar na Trá inniu.

Léiríonn an turas gurbh é an deoch chéanna a bhí i gceist le fuisce beatha agus poitin, ach gurbh é an difríocht eatarthu ná go raibh ceadúnas le ceannach, rud nach raibh i gcónaí i gcultúr Chonamara faoi riail na Breataine (nó na hÉireann fiú).

Maireann an turas seo idir uair an chloig agus 90 nóiméad. Foghlaim conas a dhéantar fuisce, agus gach rud faoi dhriogadh, billí brúite, bailchríoch bairille, agus aibiú. Tá teaghlach Pádraic ag déanamh fuisce, go dleathach agus go mídhleathach, le 170 bliain anuas.

Faigh amach cén fáth a bhfuil fuisce agus poitin Micil uathúil le linn turas a chuimsíonn trí bhlaiseadh sa drioglann. Is eispéireas spraíúil, idirghníomhach é seo agus ba chóir go mbeadh sé spéisiúil d’aon duine a bhfuil suim acu i bhfuisce nó sa Gaeilge.

Níl ach 25 áit ar fail don turas treoirithe seo. Tá an turas seo maoinithe ag oifigigh pleanála teanga Ghaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir. Tá an imeacht seo dirithe ar daoine os cionn 18 mbliana d’aois amháin, cé go ligfear isteach páistí os cionn 12 bliana d’aois má bhíonn duine fásta leo.

Chun páirt a ghlacadh, cláraigh ag an nasc seo le do thoil: https://forms.gle/HgLB9qTRXJKDPTgP7

Tá poitin á dhriogadh ag teaghlach O’Griallais le 170 bliain.