Coisir na Nollag i mBaile Chláir

 

Shocraíomar deireadh 2025 a cheiliúradh agus táimid ag iarraidh ar chainteoirí agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ó Ghaeltacht an Eachréidh teacht le chéile linn le haghaidh oíche chomhrá agus cheoil in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir ar an Déardaoin, 11 Nollaig (8pm).

Tá ár ‘Ciorcal Comhrá’ seachtainiúil an-rathúil á óstáil ag na hÁirsí ó bhí ár gcéad ‘Pop Up Gaeltacht’ againn ann ag deireadh mhí Feabhra agus is iontach an rud é pobal Gaeilge a fheiceáil ag teacht chun cinn in áit nach gcloistear ár dteanga dhúchais chomh minic i measc an phobail.

Bhí sé draíochtúil ár bpobal a fheiceáil ag fás a bhuíochas lenár ngníomhaíochtaí agus ranganna ag The Arches.

Le trí chiorcal comhrá ar an bhfód anois i Leacht Seoirse, Baile Chláir, agus Cluain Bú, dhá rang Gaeilge do dhaoine fásta in Óstán na nÁirsí gach Máirt, agus neart ceardlann ar siúl inár scoileanna, creidimid go bhfuil ár bpobal Gaeilge ag fás de réir a chéile anseo i nGaeltacht an Eachréidh.

Leanfaidh an ‘Ciorcal Comhrá’ seachtainiúil le Barbara Nic Dhonnacha ar aghaidh sna hÁirsí gach Déardaoin. Beidh ceithre cinn eile again ar an 13 (anocht), 20, agus 27 Samhain, agus ar an 4ú Nollaig.

Má tá ‘cúpla focal’ agat, tabhair cuairt ar na hÁirsí ar an Déardaoin le haghaidh dea-chomhluadar agus craic le chéile.

Ós rud é gur bhain muid an-taitneamh as bualadh le daoine nua ag The Arches i mbliana, táimid ag eagrú cóisir Nollag san óstán Déardaoin, 11 Nollaig (8pm).

Tá fáilte roimh aon duine atá ina gcónaí i mBaile Chlár na Gaillimhe, i gCarn Mór agus in Eanach Dhúin agus a bhfuil leibhéal éigin Gaeilge acu freastal ar an gcóisir. Beidh bia, comhrá agus b’fhéidir ceol againn freisin.

Má tá uirlis cheoil agat, tabhair leat í ar an oíche!

 

#aneachreidh