Campaí spóirt as Gaeilge in Órán Mór

Ag glacadh páirte i nGaeilge Cois Trá in Órán Mór anuraidh.

Don dara bliain as a chéile, tá fíor áthas ar Ghaeltacht an Eachréidh dul i gcomhpháirtíocht le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe i Rinn Mhíl, Órán Mór, chun campaí gníomhaíochta as Gaeilge a chur ar fáil do dhéagóirí áitiúla.

Bhí an-tóir ar na campaí spóirt agus Gaeilge seo anuraidh agus tá áthas orainn scoláireachtaí páirtmhaoinithe a thairiscint do dhéagóirí a bhfuil cónaí orthu i mBaile Chláir, i gCarn Mór, nó in Eanach Dhúin an mhí seo chugainn.

I mbliana, tá dhá chineál campa ann do dhéagóirí áitiúla. Tá an chéad seachtain, ón 8ú go dtí an 12ú Meitheamh, dírithe ar daltai sa chéad bhliain agus an dara bliain. Beidh uair go leith de ranganna Gaeilge sa seomra ranga ar maidin agus gníomhaíochtaí spraíúla, lena n-áirítear seoltóireacht, don chuid eile den lá san áireamh.

Spreagfar na daltaí chun Gaeilge a labhairt i rith an lae agus is cainteoirí líofa Gaeilge iad na ceannairí go léir.

Tá an dara cúrsa ón 15 Meitheamh go dtí an 19 Meitheamh, atá nua do 2026, dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana agus na Cúigiú Bliana.

Beidh béim á chur ar ullmhúchán don scrúdú béil Gaeilge san Ardteistiméireacht agus beidh uair go leith de ranganna le múinteoir Gaeilge ar maidin mar chuid den chúrsa freisin.

I measc na ngníomhaíochtaí beidh ranganna seoltóireachta, conas rib a úsáid, cadhcáil, snámh, léim céibhe, céili agus tráth na gceist, chomh maith le na ranganna Gaeilge ar maidin.

Tá taithi ag na teagascóirí seoltóireachta, cainteoirí líofa Gaeilge, a bheith ag obair i gColáiste Uisce i gCo. Mhaigh Eo agus i gcoláistí samhraidh eile in Iarthar na hÉireann.

Chomh maith leis sin, tá taithí ollmhór ag ár múinteoir ar dhaltaí a ullmhú don Ardteistiméireacht.

Anois an t-am le hiarratas a dhéanamh ar lascaine €100 le caoinchead Ghaeltacht an Eachréidh má tá cónaí ort sa Charn Mór, i mBaile Chláir, nó in Eanach Dhúin.

Seol ríomhphost chuig Training@gbsc.ie le iarratas a chur isteach ar scoláireacht pháirteach do cheann de na cúrsaí iontacha seo.