Campaí seoltóireachta as Gaeilge

Nuacht iontach do dhéagóirí áitiúla!
Bainigi sult as seoltóireacht a fhoghlaim ag campa lán Gaeilge an mhí seo chugainn agus faigh lascaine €100 le caoinchead Gaeltacht an Eachréidh!
Tá dhá champa seoltóireachta á reáchtáil ag Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe in Órán Mór an mhí seo chugainn agus tá an-áthas orthu scoláireachtaí páirtmhaoinithe a thairiscint do dhéagóirí i gcomhpháirtíocht le Gaeltacht an Eachréidh.
Beidh na campaí ‘Gaeilge Chois Trá’ ar siúl ó 9 go 13 Meitheamh agus 16 go 20 Meitheamh, bunaithe ar dhá uair an chloig d’fhoghlaim ranga ar maidin agus an chuid eile den lá dírithe ar imeachtaí amuigh faoin aer trí mheán na Gaeilge.
Beidh múinteoiri Gaeilge i gceannas ar na ranganna ar maidin agus tá taithi ag na teagascóirí seoltóireachta, cainteoirí líofa Gaeilge chomh maith, a bheith ag obair i gColáiste Uisce i gCo. Mhaigh Eo agus i gcoláistí samhraidh eile in Iarthar na hÉireann.
I measc na ngníomhaíochtaí beidh ranganna seoltóireachta, conas rib a úsáid, cadhcáil, snámh, léim céibhe, céili agus tráth na gceist, chomh maith le na ranganna Gaeilge ar maidin.
Anois an t-am le hiarratas a dhéanamh ar lascaine €100 le caoinchead Ghaeltacht an Eachréidh má tá cónaí ort sa Charn Mór, i mBaile Chláir na Gaillimhe, nó in Eanach Dhúin.
Más mian leat cur isteach ar an lascaine €100, ag laghdú costas an champa ó €290 go €190, níl le déanamh agat ach 100 focal ‘as Gaeilge’ a scríobh faoin bhfáth ar mhaith leat páirt a ghlacadh sa champa le d’iarratas.
Chun cur isteach ar an scoláireacht pháirteach, nó chun áit a chur in áirithe nó tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost le do thoil chuig Sailing@GBSC.ie nó Training@GBSC.ie.
Is féidir áirithintí a dhéanamh freisin tríd an suiomh gréasáin www.gbsc.ie
Grianghraf le Maël BALLAND ar Unsplash
