Beannachtaí na Féile Oraibh

Cad e mar lá álainn a bhí againn inniu ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i gcroilár Baile Chláir!

Tháinig Naomh Pádraig leis na Gardaí agus bhaineamar taitneamh as ceithre huaire an chloig de spraoi, ceol, amhránaíocht, agus damhsa i lár an tsráidbhaile.
Ba é seo an chéad fhéile Lá Fhéile Pádraig i mBaile Chláir ó 2019.

Bhí sé thar cionn bualadh leis an oiread sin daoine, idir óg agus aosta, agus a chloisteáil go raibh suim ag an oiread sin daoine sa Ghaeilge.

Mile buíochas leis na hoibrithe deonacha ón ‘Ciorcal Comhrá’ i Leacht Seoirse a chuidigh linn ag an seastán eolais agus leis an triúr leaid a chur an ‘agallamh beirte’ ar stáitse ag deireadh an lae.

Táimid ag súil le bualadh le cuid agaibh arís ag ár gCiorcal Comhrá nua in Óstán an Arches oíche Déardaoin seo chugainn (8 go 9pm).
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh!