BBQ an tSamhraidh ag Tigh McHugh

Beidh cainteoirí Gaeilge ó Ghaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir ag teacht le chéile chun laethanta saoire an tsamhraidh a cheiliúradh le barbeiciú i dTeach Tábhairne agus Bialann Traidisiúnta McHugh, Bóthar Thuama, ar an Dé Sathairn, 16 Lúnasa (5pm).
Tá an ócáid seo, atá oiriúnach do theaghlaigh agus a chuimseoidh siamsaíocht do pháistí, saor in aisce dóibh siúd a chláraíonn roimh ré le na hOifigigh Pleanála Teanga.
Táimid ag seoladh amach cuireadh oscailte chuig daoine ó Baile Chláir na Gaillimhe, an Carn Mór, Eanach Dhúin, Mionlach, agus Tír Oileán le freastal ar an ócáid seo agus tugtar cuireadh do cheoltóirí a gcuid uirlisí ceoil a thabhairt leo le haghaidh seisiún neamhfhoirmiúil.
Beidh fáilte roimh amhránaithe freisin.
Leanann an ócáid seo ár ‘Bricfeasta le Gaeilge’ iontach a bhí díolta amach san ionad céanna ar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig, nuair a bhain cainteoirí Gaeilge ó thuaidh agus oirthear na cathrach taitneamh as comhrá, craic, agus ceol le chéile. Ba bhealach deas é chun daoine a thabhairt le chéile, bualadh le daoine nua, agus cúpla focail a chleachtadh le chéile.
Cruthaíodh biachlár speisialta Gaeilge don bhricfeasta sin agus dúirt daoine gur iontach an rud é an oiread sin Gaeilge a chloisteáil á labhairt ag McHugh’s dhá lá roimh Lá Fhéile Pádraig.
Beidh an BBQ an tSamhraidh ar an 16ú Lúnasa maoinithe ag na Pleanáil Teanga Gaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir. Níl le déanamh agat ach clárú roimh ré ag: https://forms.gle/CZ5WY3KqjZ3yTHan6

