An-tóir ar an gCiorcal Comhrá nua
Tá muintir Baile Chláir ag baint an craic as ár gCiorcal Comhrá nua in Óstán an Arches gach Déardaoin.
Go deimhin, tá an oiread sin daoine ag teacht isteach go bhfuil faitíos orainn nach mbeidh deis ag gach duine labhairt!
D’fhan roinnt daoine ar feadh dhá uair an chloig de scéalta oíche Déardaoin seo caite, lena n-áirítear cuairteoirí as An Bruach Thoir (Mionloch) sa chathair.
Is bealach taitneamhach é an ciorcal comhrá chun cibé Gaeilge atá agat a chleachtadh agus moltar go háirithe d’fhoghlaimeoirí iarracht a dhéanamh cúpla focal a rá in atmaisféar cairdiúil.
Beimid ar ais san Arches arís ar an Déardaoin beag seo (8 go 9in).
Fáilte roimh chách!