Ag pleanáil do 2025

An raibh a fhios agat go bhfuil plean teanga á chur i bhfeidhm ag coiste beag faoi láthair chun úsáid na Gaeilge a threisiú agus a chur chun cinn i nGaeltacht an Eachréidh?
Bhuail an choiste stiúraithe pleanála teanga do pharóistí Bhaile Chláir, an Charn Mhóir, agus Eanach Dhúin leis an tOifigeach Pleanála Teanga, Ciaran O Tiarnagh, chun breathnú ar smaointe úra do 2025.

Agus táimid ag lorg daoine nua le teacht ar bord!

Anuraidh rinneamar taifead ar chuid de chainteoirí dúchais ár gceantar ar cheamara agus tá na físeáin sin ar fáil ar ár gcainéal nua ar YouTube.
Coinnigh súil ar an leathanach seo le do thoil le haghaidh nuacht faoi imeachtaí, ranganna, comórtais, siúlóidí treoraithe, ciorcail comhrá agus gníomhaíochtaí eile chun an Ghaeilge a athbheochan sa cheantar seo.