Ag lorg ceannairí na todhchai

(1ú – 5ú Meitheamh 2026)

An bhfuil tú féin – nó déagóir a bhfuil aithne agat air/uirthi – lán le fuinneamh, muinín, agus Gaeilge mhaith?

Táimid ag lorg déagóirí cumasacha chun páirt a ghlacadh i gCúrsa Ceannaireachta nua, saor in aisce, i gcomhair le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, Rinn Mhíl, Órán Mór.

Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana agus Cúigiú Bliain ó Ghaeltacht an Eachréidh, Maigh Cuilinn, agus an Bruach Thoir (Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe).

Beidh deis ag rannpháirtithe:

  • Scileanna ceannaireachta a fhorbairt
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spraíúla agus idirghníomhacha
  • Foghlaim conas campaí Gaeilge a stiúradh
  • Agus a chuid Gaeilge a úsáid go nádúrtha i suíomh bríomhar sóisialta

Beidh an cúrsa ar siúl thar sheachtain amháin i mí an Mheithimh 2026, agus beidh meascán d’oiliúint, cluichí, agus ceardlanna i gceist.

Cuirfidh an cúrsa seo le scileanna agus muinín na rannpháirtithe chun ról ceannaireachta a ghlacadh i gcampaí agus chun gníomhaíochtaí Gaeilge a dhéanamh leis na Gaeltachtaí amach anseo.

Tá tuilleadh eolas ar fáil ó Chiarán ag optanteachreidh@gmail.com

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa, líon isteach an fhoirm thios le do thoil.