Ag Bealtainiú i Mionloch

Bhí sé de nós ag ár sinsir tús an tsamhraidh a cheiliúradh ag an am seo den bhliain agus tá ár gcairde sa Ghaeltacht ar an taobh thoir den chathair ag eagrú féile aon lae chun an t-am draíochtúil seo a cheiliúradh i Mionloch ar an Satharn beag seo.
Níl an tOifigeach Pleanála Teanga ar An Bruach Thoir, Tomás O hOgáin, ach cúpla mí sa phost ach tá an-chuid oibre curtha isteach aige sa bhféile seo, le himeachtaí saor in aisce do gach aoisghrúpa.
Beidh an fhéile Ag Bealtainiú i Mionloch ag tarlú ar an Satharn, 17ú Bealtaine, in Árus
Mhionlaigh.
Beidh rud éigin do chuile aos ghrúpa ann agus gach rud saor in aisce.
Ag tosú le seó ‘Punch And Judy’ ar maidin (11rn), beidh seó draíochta le Quentin Reynolds, tóraíocht taisce, tráth na
gceist, ceardlann adhmadóireachta, agus céilí san áireamh ar an lá.
Má tá tú i do chónaí in Eanach Dhúin, i mBaile Chláir, nó sa Charn Mór, ba bhreá lenár gcairde i Menlo tú a fheiceáil ann Dé Sathairn.
Tá na himeachtaí ar fad ar siúl in Arus Mhionlaigh, ar an taobh thoir den chathair.
Tuilleadh eolais: https://www.bruachthoir.com/
