Turas Réabhlóideach Gaillimhe

Bígi linn i lár chathair na Gaillimhe ar Luan Lá Saoire Bainc, 4 Bealtaine, le haghaidh turas siúil den chathair a scrúdóidh stair fhuilteach na Gaillimhe le linn Chogadh na Saoirse.
Tá an turas seo saor in aisce, ach ní mór duit clárú ag an nasc thíos!
Díreoidh an staraí áitiúil agus treoraí turas Jim Ward ar na huafáis a tharla i 1920 nuair a bhí na “Black and Tans” ag cur sceimhle ar mhuintir na Gaillimhe.
Ag tosú ag dealbh Padraic O Conaire i gcroílár na cathrach, tabharfaidh Jim muid ar chamchuairt chuig láithreacha a bhaineann le streachailt na hÉireann ar son saoirse agus, go háirithe, imeachtaí i nGaillimh le linn Chogadh na Saoirse i 1920.
Beidh muid ag foghlaim faoi marú an tsagairt óg, an Athar Michael Griffin, ag fórsaí na Breataine agus an eachtra ag an stáisiún traenach gar don Fhaiche Mhór inar maraíodh Sean Mulvoy agus Seamus Quirke.
Tá eolas iontach ag Jim ar stair na hÉireann, agus stair na Gaillimhe go háirithe, agus meabhraíonn a thuras dúinn gur imoibrigh Constáblacht Ríoga na hÉireann go foréigneach i ndiaidh marú constábla póilíní i bPáirc Merlin.
Agus áirítear ar a thuras cuairt ar an láthair cois Abhainn na Coiribe inar mharaigh na Black and Tans an fear gnó agus comhairleoir cathrach Shinn Féin, Micheál Breathnach.
Is treoraí turas lánaimseartha é Jim a sholáthraíonn turais i mBéarla do chuairteoirí de ghnáth.. Tá eolas suimiúil aige ar thréimhse fhuilteach i stair na Gaillimhe agus tá sé ag tnúth le turas treoraithe a chur ar fáil ‘as Gaeilge’ do mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh.
Mairfidh an siúlóid threoraithe thart ar 90 nóiméad go dhá uair an chloig.
Ina dhiaidh sin rachaimid go Teach Hop McGinn i mBarr an Chalaidh (Woodquay).le haghaidh roinnt ‘bia mear’ agus comhrá ‘as Gaeilge’.
Cláraigh ag an nasc seo le do thoil mar ba bhreá linn tú a fheiceáil ar an turas:
https://www.eventbrite.com/e/turas-reabhloideach-gaillimhe-tickets-1987330329513

