Turas ar stair fhuilteach na Gaillimhe

Buíochas ó chroí leis an staraí agus treoraí turas Jim Ward a thug grúpa ó Ghaeltacht an Eachréidh ar thuras siúil dhá uair an chloig fíor suimúil i gCathair na Gaillimhe maidin inné.

Labhair Jim faoi stair thrioblóideach na Gaillimhe le linn Chogadh na Saoirse agus faoi chuid de na hionsaithe a rinne fórsaí na Breataine i mbliain fhuilteach 1920.

Cé gur éirigh áiteanna i gContae na Gaillimhe amach i gcoinne riail na Breataine i 1916, chuir Jim i gcuimhne dúinn gur fhan an chathair dílis don traidisiún náisiúnach parlaiminteach nó don traidisiún aontachtach go dtí Cogadh na Saoirse.

Ach i ndiaidh chur chun báis na reibiliúnach i 1916, tháinig athrú ollmhór ar mhothúcháin mhuintir na Gaillimhe.

Thosaiomhar ag dealbh Padraic O Conaire i gcroílár na cathrach, agus chaitheamar dhá uair an chloig ag leanúint mhuintir na Gaillimhe a maraíodh sa troid ar son saoirse na hÉireann, ina measc Sean Mulvoy, Seamus Quirke, an tAthair Micheal O Griofa, agus Micheal Breathnach, úinéir an Malt House ar an tSráid Ard.

D#foghlaim muid faoi marú an tsagairt óg, an Athar Michael Griffin, ag fórsaí na Breataine agus an eachtra ag an stáisiún traenach inar maraíodh Sean Mulvoy agus Seamus Quirke. Tá bóithre ainmnithe in onóir an triúir acu i nGaillimh inniu.

D’fhoghlaimíomar roinnt focal nua Gaeilge freisin, ina measc na Dúchrónaigh (Black and Tans) agus luíochán (ambush).

Thugamar cuairt ar an áit cois Abhainn na Coiribe inar mharaigh na Dúchróinaigh an fear gnó agus comhairleoir cathrach Shinn Féin, Micheál Breathnach, a tógadh óna ghnó faoi bhagairt gunna.

Is treoraí turas lánaimseartha é Jim a sholáthraíonn turais i mBéarla do chuairteoirí de ghnáth.. Tá eolas suimiúil aige ar thréimhse fhuilteach i stair na Gaillimhe agus bhain sé an taithneamh as turas tri Gaeilge le daoine áitiúla.

Ina dhiaidh sin, chuamar go Teach Hop McGinn i mBarr an Chalaidh (Woodquay).le haghaidh roinnt ‘bia mear’ agus comhrá ‘as Gaeilge’. Bhí an tseirbhís as Gaeilge iontach sa teach tábhairne chomh maith!

Faigh tuilleadh eolais faoi Jim Ward ag https://galwaytrails.ie/