Taylor Swift ‘as Gaeilge’ i nGaillimh

Beidh féile a cheiliúrann Cathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach ar siúl an deireadh seachtaine seo, le 26 imeacht ar fud 15 ionad lena n-áirítear deich n-imeacht saor in aisce.
Beidh Tonnta ar siúl ón Déardaion, 29ú Eanáir, go dtí an 1ú Feabhra agus is í Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an ócáid bhliantúil seo timpeall na cathrach.
Cuirfidh Róisín Seoighe agus Imlé, in éineacht le haíonna speisialta, seó speisialta i láthair ina mbeidh amhráin agus scéalta Taylor Swift ‘as Gaeilge’ a bheidh beidh an-suimiúil do dhéagóirí.
Á chasadh ag Róisín Seoighe x IMLÉ leis an aoi speisialta Jessie Dingle, ina gcuirfear aistriúcháin le Gabriel Rosenstock agus, agus íomhánna allabhracha ag Margaret Lonergan i láthair, agus meascfar san insint eile Gaeilge seo amhráin, filíocht, agus ealaín ar bhealach iontach úrnua.
https://tht.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173663154
I measc na n-imeachtaí móra tá ceolchoirm le Imelda May (An Dubhlannn, Dé hAoine, 30 Eanáir,) an t-amhránaí as Baile Átha Cliath atá tar éis titim i ngrá leis an nGaeilge le cúpla bliain anuas. Tá an seo díolta amach go hiomlán.
Ach beidh Pádraig Jack, as Oileáin Árann ó dhúchas, ar stáitse sa Taibhdhearc ar an Déardaoin beag seo ag 8in.
“Bígí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, ar oidhreacht Naomh Bhríd agus ar Ghaillimh mar chathair dhátheangach,” a deir Brid Ni Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge.
“Is cuma má tá tú líofa, ag foghlaim, nó díreach fiosrach, tugtar cuireadh san fhéile dhátheangach seo do gach duine ceangal agus ceiliúradh a dhéanamh, agus taitneamh a bhaint as an nGaeilge ar bhealach spraíúil.”
Tá turas folláine go Conamara agus ceiliúradh ar Naomh Bríd sa chathair san áireamh sa chlár chomh maith ar an Satharn beag seo.
Ar an Satharn freisin, is féidir éisteacht leis na scéalta taobh thiar de dhriogllann poitín Micil i mBóthar na Trá (6in). Bain sult as blasanna agus scéalta faoi stair poitín i gConamara le linn turas dátheangach, le blaiseadh deochanna nach raibh dleathach i gcónaí sa tír seo!
Agus tá go leor imeachtaí taitneamhach eile ar an gclár, le Lá Na bPáistí ar an Domhnach.
Tá na sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin Tonnta: https://tonnta.eu/


