Tá na ciorcail chomhrá ar ais

Ceann de na bealaí is fearr chun do chuid Gaeilge a fheabhsú, nó cleachtadh a dhéanamh má tá Gaeilge agat cheana féin, ná páirt a ghlacadh i gCiorcal Comhrá. Tá siad ag éirí níos coitianta ar fud na tíre.
Le blianta anuas, tá ceann iontach ag Ionad CLG na Gaillimhe i Leacht Seoirse. Buailimid le chéile ó 10.30rn go 11.30rn agus is meascán iontach é de chainteoirí dúchais, iar-mhúinteoirí, agus daoine nach bhfuil 100% líofa sa teanga.
Gach Dé hAoine tagann an grúpa cairdiúil seo le chéile le haghaidh comhrá uair a chloig “as Gaeilge”, le cupán tae agus briosca san áireamh, ag ionad traenála peile na Gaillimhe.
Tá siad ar ais amárach (Eanair 9) tar éis sos don Nollaig. Chun páirt a ghlacadh, níl le déanamh ach teacht suas ag 10.30rn maidin Dé hAoine!
Beidh an Ciorcal Comhrá san Arches Hotel i mBaile Chláir ar ais ar an Déardaoin seo chugainn, an 15ú Eanair, ag 8in tar éis sos do laethanta saoire na Nollaig freisin. Tá fáilte roimh chách agus is áit iontach í chun do chúpla focal a chleachtadh nó chun foghlaim ó chainteoirí dúchais.
Tá an-rath ar an gciorcal comhrá seo ó bhí ár gcéad ‘Pop Up Gaeltacht’ againn sna hÁirsí ag deireadh mhí Feabhra agus táimid ag tnúth le bualadh le seanchairde agus le cairde nua an tseachtain seo chugainn.
Ní gá duit a bheith líofa le bheith linn gach seachtain. Go deimhin, tá fáilte mhór roimh fhoghlaimeoirí.
Beidh an ‘Ciorcal Comhrá’ míosúil i Regans, Cluain Bú, ar ais ar an Dé Luain, 2 Feabhra (lá saoire bainc). Ghlac siad sos an tseachtain seo mar gheall ar an droch aimsir. Buaileann siad le chéile le haghaidh comhrá neamhfhoirmiúil ar an gcéad Luan de gach mí ag 8in agus bíonn siad fíor sásta fáilte a chur roimh rannpháirtithe nua i gcónaí.


