Spásanna fós ar fáil ar campaí spóirt in Orán Mór

Ar mhaith leat seoltóireacht a fhoghlaim, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt, agus do chuid Gaeilge a fheabhsú ag an am céanna?
Bhuel, an mhí seo chugainn beidh Gaeltacht an Eachridh ag dur ar ais i gcomhpháirtiocht le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe i Rinn Mhíl, Órán Mór, chun campaí samhraidh a chur ar fáil ‘as Gaeilge’ do dhéagóirí áitiúla.
Tá spásanna fós ar fáil ar na cúrsaí don chéad bhliain agus don dara bliain, agus do mhic léinn na hIdirbhliana, agus is é an dea-scéal ná go bhfuil scoláireachtaí páirteacha á dtairiscint againn do dhéagóirí ó Bháile Chláir, Eanach Dhún, agus An Carn Mór.
Mar gheall ar ár mbuiséad pleanála teanga, tá laghdú 50% ar phraghas cúrsa seachtaine do mhic léinn sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Níl le déanamh agat ach an cód GTC2026 a úsáid nuair a dhéanann tú teagmháil leis an gclub.
Tá tairiscint leathphraghas againn freisin do mhic léinn Idirbhliana ó Ghaeltacht an Eachréidh. Chun leas a bhaint as an tairiscint speisialta seo, a laghdaíonn costas an chúrsa seachtaine ó €320 go €160, níl le déanamh ach an cód GTC50PER a úsáid nuair a bheidh áit á cur in áirithe agat.
Fuaireamar aiseolas fíor dearfach ó na campai Gaeilge Chois Trá in Órán Mór nuair a reáchtálamar iad den chéad uair i mí an Mheithimh anuraidh agus tá áthas an domhain ar na hoifigigh pleanála teanga ar thaobh thoir na Gaillimhe, anseo I nGaeltacht an Eachréidh agus ar an Bruach Thoir, tacú leo arís i mbliana.
Bhí an-tóir ar na campaí spóirt agus Gaeilge seo anuraidh agus tá áthas orainn scoláireachtaí páirtmhaoinithe a thairiscint do dhéagóirí áitiúla i mBaile Chláir, i gCarn Mór, agus in Eanach Dhúin.
Tá an chéad seachtain, ón 8ú go dtí an 12ú Meitheamh, dírithe ar daltai sa chéad bhliain agus an dara bliain. Beidh uair go leith de ranganna Gaeilge ar maidin agus gníomhaíochtaí spraíúla, lena n-áirítear seoltóireacht, don chuid eile den lá.
Spreagfar na daltaí chun Gaeilge a labhairt i rith an lae agus is cainteoirí líofa Gaeilge iad na ceannairí go léir.
Tá an dara cúrsa ón 15 Meitheamh go dtí an 19 Meitheamh – nua do 2026 – dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana agus na Cúigiú Bliana.
Tá tairiscint leathphraghas againn freisin don chúrsa seo do dhaltai ó Ghaeltacht an Eachréidh. Chun leas a bhaint as an tairiscint speisialta seo, a laghdaíonn costas an chúrsa seachtaine ó €320 go €160, níl le déanamh ach an cód GTC50PER a úsáid nuair a bheidh áit á cur in áirithe agat.
Beidh béim á chur ar ullmhúchán don scrúdú béil Gaeilge san Ardteistiméireacht agus beidh uair go leith de ranganna le múinteoir Gaeilge ar maidin mar chuid den chúrsa freisin.
I measc na ngníomhaíochtaí beidh ranganna seoltóireachta, conas rib a úsáid, cadhcáil, snámh, léim céibhe, céili agus tráth na gceist, chomh maith le na ranganna Gaeilge ar maidin.
Seol ríomhphost chuig Training@gbsc.ie le iarratas a chur isteach ar scoláireacht pháirteach do cheann de na cúrsaí iontacha seo. Usáid an cód GTC2026 nó GTC50PER ag brath ar an gcúrsa a roghnaíonn tú.


