‘Siúlach Scéalach’ ar an gCéadaion

Grianghraf le Johannes Plenio ar Unsplash
Tá grúpa nua a bhfuil sé mar aidhm acu daoine a spreagadh chun cibé Gaeilge atá acu a labhairt agus iad ag siúl le chéile ag teacht le chéile don chéad uair i mBaile Chláir ar an tráthnóna Dé Céadaoin seo chugainn, 22 Aibreán, ag 7.30pm.
Is é an smaoineamh atá taobh thiar den ‘Siúlach Scéalach’ ná gur féidir le daoine labhairt lena chéile in atmaisféar cáirdeach agus suaimhneach agus iad ag aclaíocht le chéile. Ní gá duit a bheith líofa sa Gaeilge le bheith páirteach linn.
Buailfidh na siúlóirí le chéile ag Ionad CLG Bhaile Chláir i gCnoc Dú an Chéadaoin seo chugainn (7.30pm) le haghaidh siúlóid uair an chloig agus deir an t-eagraí Gearóid Ó Fathaigh go bhfuil fáilte roimh aon duine a bhfuil suim acu Gaeilge a chleachtadh nó a fhoghlaim.
Cuirfear na rannpháirtithe i ngrúpai beaga ag an tús agus spreagfar iad chun labhairt ‘as Gaeilge’ agus foghlaim óna chéile le linn siúlóide uair an chloig.
Is é an smaoineamh go gcuirfear daoine ile páirtí nua gach seachtain agus go dtabharfar cuireadh do gach rannpháirtí ‘cúpla focal’ a labhairt le linn an tsiúlóid. Is féidir le foghlaimeoirí foghlaim ó dhaoine atá líofa nó atá ina gcainteoirí dúchais.
Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa siúlóid, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, agus deir na heagraithe gur bealach iontach é chun bualadh le daoine, chun an Gaeilge a chleachtadh, agus chun roinnt aclaíochta a fháil ag an am céanna.
Tá an ‘Siúlach Scéalach’ á eagrú ag Gaeltacht an Eachréidh agus táthar ag súil go mbeidh sé ina imeacht seachtainiúil i rith míonna an tsamhraidh má bhaineann daoine taitneamh as páirt a ghlacadh.
Ciallaíonn an seanfhocal “an té a bhíonn siúlach, bíónn scéalach” go mbíonn scéalta le hinsint ag daoine a bhíonn ag taisteal agus táthar ag súil go spreagfaidh siúl le chéile ar feadh uair an chloig comhráite suimiúla.
Níl le déanamh ach freastal ar ionad CLG Bhaile Chláir i gCnoc Tuaidh tráthnóna Dé Céadaoin. Is é H91 E754 an Eircód.

Grianghraf le Aryaman Agarwal ar Unsplash
