Siúlach Scéalach’ ar ais aris an tseachtain seo

Seachas madra beag a d’éirigh leis dul amú orainn, bhí oíche iontach againn dár gcéad ‘Siúlach Scéalach’ i mBaile Chláir an tseachtain seo caite.

Tháinig meascán iontach de chainteoirí agus de fhoghlaimeoirí Gaeilge le chéile chun siúl ar feadh uair an chloig ar an gcosán idir CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe agus Thurlach Mór, ceantar a bhfuil radhairc iontacha ar Gaeltacht An Eachréidh le feiceáil ar tráthnóna geal.

Agus muid ag druidim le Cnoc Dua, mhínigh muintir na háite dúinn tábhacht Chath Chnoc Dua sa bhliain 1504 inar cailleadh na céadta fear.

Tá go leor carn in aice le barr Chnoc Dua agus creidtear gurbh é an cath ar an 19 Lúnasa 1504  an chéad cheann in Éirinn inar úsáideadh gunnaí.

Chomh maith leis sin, chuir muintir na háite buíochas in iúl do theaghlach Kearney a bhronn an cosán poiblí ar an bpobal áitiúil roinnt bliain ó shin roimh aimsir Covid – tá radhairc iontacha ar an gCoirib, ar Chonamara, agus ar an eachréidh le feiceáil ón gceantar.

Roinneamar muid féin i ngrúpaí níos lú le linn na siúlóide uair an chloig, agus an smaoineamh a bhí ann ná go bhféadfadh daoine a bhfuil Gaeilge níos láidre acu spreagadh nó cabhrú leo siúd atá ag foghlaim nó nár labhair Gaeilge le tamall anuas.

Chuireamar na rannpháirtithe i ngrúpai beaga ag an tús agus spreagfar iad chun labhairt ‘as Gaeilge’ agus foghlaim óna chéile le linn na siúlóide.

Tar éis an craic a bheith againn, agus siúlóid mhaith a fháil, táimid chun leanúint ar aghaidh leis an ‘Siúlach Scéalach’ sna seachtainí amach romhainn.

Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa siúlóid, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat, agus is bealach iontach é seo chun bualadh le daoine nua, chun an Gaeilge a chleachtadh, agus chun aclaíochta a dhéanamh ag an am céanna.

Tá an ‘Siúlach Scéalach’ á eagrú ag Gaeltacht an Eachréidh agus táthar ag súil go mbeidh sé ina imeacht seachtainiúil i rith míonna an tsamhraidh.

Ciallaíonn an seanfhocal “an té a bhíonn siúlach, bíónn scéalach” go mbíonn scéalta le hinsint ag daoine a bhíonn ag taisteal agus táthar ag súil go spreagfaidh siúl le chéile ar feadh uair an chloig comhráite suimiúla.

Níl le déanamh ach freastal ar ionad CLG Bhaile Chláir i gCnoc Dua tráthnóna Dé Céadaoin ag a 7.30in. Is é H91 E7F4 an Eircód.

Agus bhí áthas orainn gur aimsigh muid an madra beag arís ag deireadh an tsiúlóid!