Scoláireachtaí go hInis Oírr do dhéagóirí áitiúla

Beidh ceathrar déagóir as Baile Chláir, Eanach Dhúin, agus Corr an  Dula ag dul go dtí Oileáin Árann an samhradh seo tar éis dóibh scoláireachtaí a bhuachan le Gaeltacht an Eachréidh.

Caithfidh gach duine den cheathrar scoláire coicís ag freastal ar an choláiste samhraidh in Inis Oirr i mí Iúil agus Lúnasa na bliana seo.

Fógraíodh na buaiteoirí i gColáiste Bhaile Chláir díreach roimh Laethanta Saoire na Cásca, le linn searmanas bronnta ina bhfuair siad deis bualadh le Sile Ni Fhoghlú ó Choláiste Laichtín, an coláiste samhraidh atá ar an oileán ó 1960.

B’éigean do na daltaí taifeadtaí a chur isteach chuig Gaeltacht an Eachréidh ag míniú cén fáth ar cheart iad a chur san áireamh do na scoláireachtaí, ar fiú os cionn €1000 an ceann, le haghaidh cúrsa coicíse ar an oileán álainn.

Bhronn Ciarán O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht an Eachréidh, cártaí ar James Waldron, Ella Sweeney, agus Kayna O’Connell mar chomóradh ar a ngaisce scoláireachtaí Inis Oírr a bhuachan.

Ní raibh an ceathrú dalta, Seán Ó hÓgáin, ar fáil ar an lá.

Dúirt Ciaran go raibh caighdeán na dtaifeadtaí thar cionn. Seo í an chéad bhliain a bhfuil Gaeltacht an Eachréidh (a chlúdaíonn Baile Chláir, Eanach Dhúin agus Carn Mór) in ann scoláireachtaí iomlána a chur ar fáil do choláiste samhraidh Gaeilge.

Tá súil ag Ciaran go mbeidh sé ina chomhpháirtíocht bhliantúil le Coláiste Laichtín as seo amach.

“Bhíomar thar a bheith sásta le caighdeán na n-iontrálacha, a cuireadh faoi bhráid an mhúinteora Joe Seoighe díreach roimh laethanta saoire na Nollag,” a dúirt Ciarán.

“Le bheith ionrac faoi, bhí sé deacair na ceithre bhuaiteoir a roghnú mar gheall ar ardchaighdeán na n-iarratas, ach bhí áthas orainn freisin an spéis a léirigh déagóirí sa cheantar seo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú.”

“Ní hiad na buaiteoirí na daoine a raibh an Gaeilge is fearr acu, ach iad siúd a léirigh an paisean is mó chun iad féin a thumadh sa teanga agus i saol oileáin beag amach ón gcósta. Ós rud é gur chaith mé cúpla bliain ag obair ar Inis Oírr mé féin, áit ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge mar dhuine fásta, tá a fhios agam go mbeidh eispéaras iontach acu agus táimid ag tnúth le cloisteáil a gcuid scéalta nuair a fhilleann siad ar scoil i mí Mheán Fómhair.”

Dúirt sé gur deis iontach é coicis a chaitheamh ar oileán beag le daonra de 300 duine.

Tá súil aige go bhfillfidís le grá nua don teanga agus le Gaeilge i bhfad níos fearr tar éis coicís a chaitheamh ar an oileán draíochta.