Ranganna Gaeilge i mBaile Chláir

Tá áthas ar Ghaeltacht an Eachridh a fhógairt go mbeidh dhá rang Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil againn  thar sé seachtaine in Óstán na nÁirsí, Baile Chláir, ón Máirt, 21 Deireadh Fómhair.

Go dtí an 25 Samhain, cuirfidh an múinteoir óg Máire Nic Oireachtaigh ranganna taitneamhacha, idirghníomhacha ar fáil ina mbeidh an bhéim ar chomhrá agus ar spraoi.

Tá líon na spásanna teoranta agus moltar do dhaoine áiteanna a chur in áirithe a luaithe is féidir. Níl an costas ach €50 do shé rang uair an chloig thar shé oícheanta Dé Máirt as a chéile. Má bhíonn an t-aiseolas dearfach, tá súil againn na ranganna a leathnú ar aghaidh in 2026.

Más glantosaitheoir thú, nó mura bhfuil focal Gaeilge agat ó bhí tú ar scoil, moltar duit an rang ar leibhéal níos ísle a dhéanamh ó 7 go 8 i.n. Múinfidh Máire frásaí bunúsacha comhrá do na daltaí agus béim ar craic agus comhrá bunúsach.

Moltar do dhaoine fásta a chreideann go bhfuil siad ag leibhéal Idirmheánach (B1) nó Idirmheánach Íochtarach (A2) páirt a ghlacadh sa dara rang ó 8.15 go 9.15pm. Má thuigeann tú Ros na Rún nó tráchtaireacht ar chluichí ar TG4, ach má tá tú beagáinín “meirgeach” nó as cleachtadh, is é seo an rang duitse.

Molann Gaeltacht an Eachridh go láidir duit do leibhéal Gaeilge a sheiceáil ar líne sula gcláraíonn tú do cheann de na ranganna. Tá tástáil leibhéal iontach ar líne ag Gaelchultúr atá éasca le húsáid agus a thógann thart ar 10 go 20 nóiméad ag an nasc seo: https://www.gaelchultur.com/en/assessment

Tar éis duit an tástáil a chríochnú, roghnaigh an cúrsa ceart duit féin.

Chríochnaigh ár múinteoir óg, Máire, Dioplóma sa Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana agus tá sí ag tnúth le bualadh lena mic léinn nua Dé Máirt, 21 Deireadh Fómhair.

Is in Óstán na nÁirsí a bhíonn ár ‘ciorcal comhrá’ seachtainiúil i gClár na Gaillimhe ar siúl agus tá áthas orainn ár gcairdeas a leathnú leis an ngnó teaghlaigh seo atá i gcroílár phobal na Gaeilge i nGaeltacht an Eachréidh le glúnta.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh tú an €50 don téarma sé seachtaine a íoc roimh ré ar ár leathanach Eventbrite agus go mbeidh sé i bhfad níos fearr duit féin agus do gach duine eile má chríochnaíonn tú an tástáil leibhéil sula gcláraíonn tú. Díreach le cinntiú go dtosaíonn tú ag an leibhéal ceart!

Níl ach uasmhéid de 12 mac léinn i ngach rang.

Nuair a bheidh a fhios agat do leibhéal Gaeilge, cláraigh agus íoc €50 ag an nasc seo le do thoil: https://tinyurl.com/mrxvz22m

Téigh i dteagmháil le Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil.