Ranganna Gaeilge ar ais i mBaile Chláir

Tá áthas ar Ghaeltacht an Eachridh a fhógairt go mbeidh dhá rang Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil againn in Óstán na nÁirsí, Baile Chláir, ón Máirt seo chugainn, an 13ú Eanair.

Thar théarma ocht seachtaine, go dtí an 3ú Márta, beidh dhá rang á reáchtáil ag an múinteoir óg Máire Nic Oireachtaigh gach seachtain le ceachtanna taitneamhacha, uair an chloig ina mbeidh an bhéim ar comhrá agus craic.

Tá líon na spásanna atá ar fáil teoranta agus moltar do dhaoine áit a chur in áirithe a luaithe is féidir. Tá costas €70 do ranganna uair an chloig ar feadh ocht seachtaine.

Bhí ranganna Gaeilge againn le Máire in Óstán na nÁirsí roimh an Nollaig agus bhí an t-aiseolas an-dearfach. Táimid ag tabhairt tús áite do na daoine a chríochnaigh an chéad téarma linn roimh an Nollaig.

Beidh ticéid ar díol amárach, an 6ú Eanáir, ag 2in ar Eventbrite.

Más tosaitheoir iomlán thú, nó mura bhfuil focal Gaeilge agat ó bhí tú ar scoil, moltar duit an leibhéal níos ísle a roghnú (ó 7.15 go 8.15 i.n. Múinfidh Máire frásaí bunúsacha daoibh.

Moltar do dhaltaí a chreideann go bhfuil siad ag leibhéal Idirmheánach (B1) páirt a ghlacadh sa dara rang ó 8.30 go 9.30pm. Má thuigeann tú cuid de na comhráite ar Ros na Rún nó tráchtaireacht ar chluichí CLG ar TG4, is é seo an rang duitse.

Molann Gaeltacht an Eachridh go láidir do leibhéal Gaeilge a sheiceáil ar líne sula gcláraíonn tú do cheann de na ranganna. Tá tástáil leibhéal iontach ar líne ag Gaelchultúr atá éasca le húsáid agus a thógann thart ar 10 go 20 nóiméad le críochnú ag an nasc seo: https://www.gaelchultur.com/en/assessment

Tar éis duit an tástáil a chríochnú, roghnaigh an cúrsa ceart duit féin.

Chríochnaigh ár múinteoir óg, Máire, Dioplóma sa Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana agus tá sí ag tnúth le bualadh lena mic léinn arís ar an Máirt seo chugainn.

Is in Óstán na nÁirsí a bhíonn ár ‘ciorcal comhrá’ seachtainiúil i mBaile Chláir ar siúl agus tá áthas orainn ár gcairdeas a leathnú leis an ngnó teaghlaigh seo atá i gcroílár phobal na Gaeilge sa cheantar seo le blianta fada.

Caithfidh daoine an €70 don téarma ocht seachtaine a íoc roimh ré ar ár leathanach Eventbrite agus tá sé an-tábhachtach an leibhéal ceart a roghnú sula dtosaíonn tú.

Téigh i dteagmháil le Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil.

Beidh ár leathanach Eventbrite ‘beo’ amárach tar éis loin.