‘Pop Up Gaeltacht’ i Regans

An Ciorcal Comhrá míosúil i Regans

 

Beidh ‘Pop Up Gaeltacht’ do chainteoirí Gaeilge ar siúl i Regans, Cluain Bú, ar an Déardaoin, 3 Iúil, ag 7.30in.

Is é an smaoineamh atá taobh thiar den imeacht seo ná spás a chur ar fáil do dhaoine chun bualadh le chéile agus taitneamh a bhaint as comhrá neamhfhoirmiúi ar feadh uair go leith nó mar sin.

Nuair a rinneamar thaifead ar cainteoirí dúchais as An Eachréidh anuraidh, léirigh go leor acu díomá nach raibh siad in ann an Ghaeilge a úsáid in atmaisféar neamhfhoirmiúil lasmuigh den teach cónaithe.

Seo deis bualadh le chéile i Regans, áit a mbíonn ‘Ciorcal Comhra’ an-rathúil ar siúl ar an gcéad Luan de gach mí.

Cuirfear bia ar fáil saor in aisce ar an oíche ag an ‘Pop Up Gaeltacht’ agus beidh seisiún ceoil traidisiúnta ina dhiaidh sin ag 9in.

“Tá plean teanga sé bliana i bhfeidhm anois chun an Gaeilge a athbheochan in Eanach Dhúin, i gCarn Mór, agus i mBaile Chláir agus tá súil againn níos mó imeachtaí sóisialta mar seo a reáchtáil ar bhonn níos rialta,” a dúirt Ciarán O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht an Eachridh.

“Reáchtáil muid imeacht mar seo i mBaile Chláir i mí Feabhra agus bhí ríméad orainn nuair a tháinig 40 duine isteach chuig The Arches ar an oiche. Bhí ‘craic’ iontach againn agus ní raibh go leor daoine ag iarraidh dul abhaile ina dhiadh. Mar gheall air sin, sheolamar ‘Ciorcal Comhrá’ nua ann a bhí go hiontach ar fad, cé go bhfuil muid ag glacadh sos anois don samhraidh.”

Tá fáilte roimh chách!

Ag teacht le chéile chun Gaeilge a labhairt i nGaeltacht an Eachreidh.