Pop Up Gaeltacht Den Scoth

Bhí slua iontach ag ár gcéad ‘Pop Up Gaeltacht’ riamh in Óstán The Arches i mBaile Chláir aréir.

Thaistil daoine as Tuaim, Cathair na Gaillimhe agus Maigh Cuilinn chun dhá uair an chloig a chaitheamh linn i suíomh an-chairdiúil agus neamhfhoirmiúil.

Bhí áthas an domhain orainn bualadh le seanchairde agus cairde nua, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí óga.

Támid ag súil le Ciorcal Comhrá nua a bhunú ag The Arches gach Déardaoin, ag tosú i mí an Mhárta, mar thoradh ar an Pop Up Gaeltacht seo!

Beidh tuilleadh eolais againn faoin gCiorcal Comhrá nua an tseachtain seo chugainn.