Oiche iontach i Regans

Bhí atmaisféar iontach i Tigh Regans, Cluain Bú, aréir nuair a rinne baill an Chiorcail Chomhrá áitiúil ceiliúradh ar a bhfilleadh tar éis sos níos faide ná mar a bhí siad ag súil leis do laethanta saoire na Nollag.

B’éigean dóibh an chéad chiorcal den bhliain a chur ar ceal mar gheall ar dhrochaimsir agus go deimhin chuimhnigh go leor daoine go raibh roinnt daoine áitiúla gan leictreachas i ndiaidh Stoirm Eowan an tráth seo anuraidh.

Bhí cuireadh tugtha ag muintir Eanach Dhúin do Ghaeilgeoirí ó na ceantair máguaird páirt a ghlacadh leo in oíche comhrá agus ceoil, agus thaistil daoine as Baile Chláir, Mionlach, Cnoc na Cathrach, agus Áth Cinn le bheith linn.

Thug ochtar ceoltóirí seisiún iontach dhá uair an chloig dúinn i ndiaidh uair an chloig comhrá ‘as Gaeilge’ i gceiliúradh mór ar chultúr na hÉireann ar Deireadh Seachtaine Naomh Brígid.

Bhí roinnt amhránaithe den scoth i measc an lucht freastail chomh maith.

Chan Lillis O Laoighre agus Niamh Ni Ruiséil amhráin iontacha i stíl an sean nós.

“Míle buíochas do gach duine a bhí a chasadh ceoil aréir agus don lucht éisteachta dar nddóigh. An oíche go deo.  Bhí sé go hiontach an líon sin daoine a bheith ann, go háirithe na daoine a tháinig don céad uair. Don céad lá eile,” a deir Patrick O’Flaherty, a ritheann an ciorcal míosúil seo.

Bíonn an ‘Ciorcal Comhrá’ ar an gcéad oíche Luain de gach mí oscailte d’aon duine a bhfuil suim acu sa teanga i gCluain Bú, Eanach Dhúin, Mionloch, nó Áth Cinn, agus ní gá a bheith líofa sa teanga le bheith páirteach.

Bíonn siad fíor sásta cuairteoirí ó áiteanna eile a fheiceáil ar oícheanta Luain chomh maith.

Is bealach taitneamhach é an ciorcal comhrá chun cleachtadh a dhéanamh ar cibé Gaeilge atá agat.

Moltar go háirithe d’fhoghlaimeoirí teacht agus cúpla focal a rá i suíomh cairdiúil. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar Patrick ag (087) 9077732, nó bí ann ar an gcéad oíche Luain de gach mí ag 8pm.