Ócáid áthasach I gCarn Mór

Ag baint taitnimh as an lá spóirt agus an cáca milis ag Naionra Carn Mór inné. Grianghraf le Ciaran Tierney.

Bhí áthas agus brón araon anseo i nGaeltacht an Eachréidh inné agus páistí Naionra an Charn Mhóir ag ceiliúradh deireadh na bliana le lá spóirt iontach amuigh faoin aer.
Cé go raibh áthas mór ag na páisti le linn lá spóirt ag ceiliúradh deireadh na mbliana, bhí beagán bróin ann freisin agus Bridie Hession ag fágáil slán leis an bhfoireann, na tuismitheoirí agus na páistí tar éis 24 bliain ag obair sa naíonra.
Dúirt Cathriona Brogan, atá i gceannas ar Naionra Carnmore, gur thug Bridie cúnamh ollmhór di sna ceithre bliana a bhí siad ag obair le chéile ó tháinig Cathriona ar bord i 2021.
“Coinnigh simplí é!” an chomhairle a thug Bridie do na páistí agus don fhoireann gach lá!
Dúirt Bridie, cainteoir dúchais Gaeilge a chónaíonn i mBaile Glúinín, gur bhain sí an-sult as gach lá a chaith sí i gCarn Mór.
Thug Cathriona agus Ray Mac Pháidín, ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, bronntanais do Bhríde agus í ag dul ar scor.
Chuir Cathriona fáilte roimh Michaela Ní Labhrai, ó Ghaeltacht Dhún na nGall, a thosóidh ag obair sa naíonra nuair a fhillfidh na páistí i mí Mheán Fómhair.
Tá dhá naíonra lán Gaeilge lonnaithe i nGaeltacht an Eachréidh, Naionra Carn Mór agus Naionra Cluidin na mBabai (Claregalway).
Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) an Soláthraí Seirbhíse Luathbhlianta atá aitheanta go náisiúnta ar fud Ghaeltacht na hÉireann.
Cuireann CNNG breis is 130 seirbhís luathbhlianta ar fáil ar fud na Gaeltachta.
Cuireann CNNG seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus oiliúna ar fáil do sheirbhísí oideachais luath-óige agus seirbhísí cúraim lena n-áirítear Naíonraí, naíolanna, clubanna bricfeasta, seirbhísí iarscoile sa Ghaeltacht.
Tá Gaeltacht an Eachréidh ag obair leis an dá naíonra le níos mó ná bliain anuas, le cabhair ón múinteoir Máire Uí Dhufaigh, chun breathnú ar bhealaí chun stór focal na bpáistí a fheabhsú ar bhealach spraíúil agus tarraingteach.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, tá Caithriona (Carnmore) ag 087 2349650 agus tá Bláithín (Cluidin na mBabai, Baile Chláir) ag 087 2070558.
Bheadh an bheirt acu an-sásta labhairt le tuismitheoirí áitiúla mar go bhfuil áiteanna ar fáil acu beirt fós le haghaidh pháistí a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair.

Tosaíonn na haithreacha an rás “uibhe agus spúnóige” ag Naionra Carn Mór.

Ag bronnadh bonn ar na páistí ag deireadh na bliana ag Naionra Carn Mór.

Slán le Bridie Hession tar éis obair le 24 bliain i gCarn Mór.