Nuacht TG4 ag ár ranganna Gaeilge

Bhí beirt a tógadh sna Stáit Aontaithe i measc na bhfoghlaimeoirí a thosaigh téarma nua ranganna Gaeilge in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir na Gaillimhe an tseachtain seo.
Ós rud é gur díoladh amach na ranganna seo do dhaoine fásta dhá lá roimh ré, shocraigh Nuacht TG4 cuairt a thabhairt orainn le fáil amach cén fáth go bhfuil an oiread sin spéise sa teanga i gClár na Gaillimhe.
Mile buíochas le Patrick agus Gavin as Nuacht TG4 a bhi linn le haghaidh tús an téarma nua. Bhí a dtuairisc ar Nuacht TG4 aréir: https://www.facebook.com/reel/1617098305965298
“Anseo i mBaile Chláir, cinnte go bhfuil fíor suim ag daoine sa teanga,” a deir Ciaran O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Gaeltacht an Eachréidh.
“Ni raibh deis acu ranganna Gaeilge a fháil inár gceanntar fhéin go dtí seo.”
I measc na daoine a labhair leo bhi Stiofán O Connell, as Nua Eabhrach. D’fhág a athair Baile Chláir i 1958 agus bhí suim ag Stiofán i gcónai sa Ghaelige. Anois tá sé ag foghlaim ár dteanga dúchais cúig nóiméad ón teach cónaithe i gCluain Biggín.
“Tá suim mór agam sa Ghaeilge,” a deir Stiofán. “Is as Gaillimh m’athair, anseo i mBaile Chláir, agus ceapaim go bhfuil Gaeilge an-tábhachtach.”
Bhí an dá rang díolta amach go hiomlán roimh ré agus bhí áthas an domhain ar an múinteoir, Máire Nic Oireachtaigh, fáilte a chur roimh shean-dhaltaí agus roimh dhaltaí nua ag tús téarma ocht seachtaine aréir.
Rinne Nuacht TG4 agallamh freisin le Seamus O’Connell, uncail Stephen, duine de na cainteoirí dúchais a tógadh le Gaeilge i gClár na Gaillimhe agus atá le feiceáil ar ár gcainéal YouTube: https://youtu.be/_jEH4Hk2Nig
Is iontach an rud é an Gaeilge a chloisteáil á labhairt ag Na hÁirsí gach Máirt nuair a thagann na 26 foghlaimeoir le chéile do na ranganna seo le Máire.
Agus ná déan dearmad páirt a ghlacadh linn ag ár ‘gCiorcal Comhrá san ionad céanna gach Déardaoin (8in) má tá Gaeilge agat. Ní gá duit a bheith líofa!


