Maith sibh ár bhfoghlaimeoirí fásta

Maith sibh na foghlaimeoirí fásta i mBalie Chláir a chríochnaigh ár téarma is déanaí de ranganna Gaeilge in Óstán na nÁirsí an tseachtain seo.

Ó Dheireadh Fómhair seo caite, táimid ar bís leis an spéis a léirigh daoine fásta i nGaeltacht an Eachréidh inár dteanga dhúchais agus bhí an t-atmaisféar iontach sa dá rang.

Dhíol an dá chéad théarma amach go hiomlán i mí Dheireadh Fómhair agus arís i mí Eanáir, rud a léiríonn nach bhufil athbeochan na teanga ag baint le Kneecap agus An Cailin Ciún amháin.

Bhí an oiread sin spéise inár ranganna Gaeilge gur tháinig criú ó Nuacht TG4 chun tuairisc a thabhairt faoi thús an dara téarma a bhí díolta amach go hiomlán i mí Eanáir.

Agus muid ag glacadh sos don samhradh, ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an múinteoir áitiúil Máire Nic Oireachtaigh as an ngairmiúlacht, an díograis agus an spraoi a thug sí do na ranganna seo gach tráthnóna Dé Máirt le trí théarma anuas.

Tá Máire ag tabhairt aghaidh ar a bliain dheireanach san ollscoil an bhliain seo chugainn, mar sin b’fhéidir go mbeimid ag lorg múinteoir nua don Fhómhar, ag brath ar a sceideal. Ba bhreá linn a bheith in ann níos mó ranganna a chur ar fáil an geimhreadh seo chugainn freisin.

Mar sin, má tá aithne ag aon duine ar mhúinteoir Gaeilge a bheadh ​​ar fáil chun daoine fásta a mhúineadh i mBaile Chláir ó Mheán Fómhair, seol ríomhphost chuig Ciaran ag optanteachreidh@gmail.com le do thoil.

Is é ról Chiaráin, ár nOifigeach Pleanála Teanga, úsáid na Gaeilge a athbheochan i mBaile Chláir, i gCarn Mór, agus in Eanach Dhúin. Agus níl bealach is fearr ná freastals ar rang seachtainiúil chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, bualadh le daoine nua, agus cúpla focal a labhairt le chéile gach Máirt.

Faoi na modhanna teagaisc nua-aimseartha a bhí ag Máire, bhíodh na foghlaimeoirí ag briseadh i ngrúpaí agus ag imirt cluichí le chéile, agus dúirt go leor acu gurbh é a mhalairt ar fad é óna dtaithí féin ag deiláil leis an tuiseal ginnideach ar scoil.

“Beatha teanga í labhairt,” mar a deireann an seanfhocal.

Tá súil againn go mbeidh muid in ann ranganna Gaeilge a fhógairt arís i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh agus molaimid do dhaoine fanacht i dteagmháil linn trí bheith páirteach inár bpobal WhatsApp, áit a gcoinnímid daoine ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí, turais treoraithe, na ciorcail comhrá, agus imeachtaí Gaeilge go rialta.

Maith sibh!

 

Grúpa WhatsApp Gaeltacht an Eachréidh.

An Bunrang at teacht le chéile don rang Gaeilge deireanach roimh an samhradh.