Formáid nua don Ciorcal Comhrá

Tá fear a bhfuil an-ghrá aige don Ghaeilge, agus a chaith saol lán ag freastal ar dhaoine imeallacha, ag teacht go mBaile Chláir an fómhar seo chun cúram ár ‘gCiorcal Comhrá’ in Óstán na nÁirsí a ghlacadh air féin.
Tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag obair mar shagart i Meiriceá Theas – áit ar fhreastail sé ar dhaoine bochta sa tSile agus sa Bhrasaíl – is scríbhneoir mór le rá, gníomhaí pobail Ghaelaigh, iar-shagart misinéireachta de chuid na gColumbánach, agus údar é Gearóid Willie Ó Fátharta.
Tá an-áthas orainn go bhfuil sé linn don téarma nua in Ostán na nÁirsí. Beidh sé linn oícheanta Déardaoi, ag tosú ar an 2 Deireadh Fómhair, agus beidh sé i gceannas ar dhá chiorcal comhrá.
Tabhair faoi deara go bhfuilimid ag athrú an fhormáid i mbliana!
Beidh an chéad uair an chloig dírithe ar fhoghlaimeoirí (7–8 i.n.) agus beidh an dara huair do dhaoine atá b’fhéidir níos compordaí ag labhairt na Gaeilge (8–9 i.n.).
Ainmníodh Gearoid Willie le déanaí do Leabhar Gaeilge na Bliana do ‘Mo Scéal Fhéin’ agus tá lúcháir orainn fáilte a chur roimhe go Gaeltacht an Eachréidh oícheanta Déardaoin.
Bíodh fáilte roimh dhaoine teacht isteach ar feadh uair an chloig tráthnóna Déardaoin ar an 2, 9, 16, agus 23 Deireadh Fómhair. Agus beidh muid ar ais arís tar éis laethanta saoire na Samhna.
Cuirtear fáilte ar leith roimh fhoghlaimeoirí agus roimh dhaoine nár labhair an Ghajlge le fada an lá.


