Díolann an Bunrang amach roimh ré

Míle buíochas le gach duine a chláraigh linn don téarma nua ocht seachtaine de ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir na Gaillimhe, a thosóidh Dé Máirt seo chugainn, an 29 Meán Fómhair.

Bhí gach ticéad don Bunrang (tosaitheoirí, A1 / A2) díolta amach go hiomlán níos mó ná seachtain roimh ré.

Cé go bhfuil ríméad orainn an spéis ollmhór inár dteanga dhúchais a fheiceáil, gabhaimid ár leithscéal leo siúd a bhí díomá orthu an téarma seo. Molaimid do dhaoine clárú dár nuachtlitir mhíosúil agus chun a bheith páirteach inár ngrúpa WhatsApp, ionas go mbeidh siad ar na chéad daoine a chloisfidh faoi ranganna agus faoi imeachtaí Gaeilge i nGaeltacht an Eachréidh.

Tá roinnt áiteanna ar fáil fós sa rang Meánleibhéil (B1) a thosaíonn ar a 8.15 i.n. Dé Máirt.

Cuirfidh an múinteoir Katie Ni Dhonnabháin ranganna taitneamhacha, idirghníomhacha ar fáil ina mbeidh an bhéim ar chomhrá, comhoibriú le chéile, agus ar spraoi. Bhí atmaisféar iontach ag na ranganna seo anuraidh agus díoladh amach  go hiomlán iad roimh ré.

Tá líon na spásanna teoranta. Moltar do dhaoine áiteanna a chur in áirithe sa rang Idirmhéanach a luaithe is féidir. Níl an costas ach €70 ar ocht rang uair an chloig (8.15 go 9.15) agus beidh sos seachtaine againn do laethanta saoire na Samhna ar an 27 Deireadh Fómhair.

Mar a rinneamar anuraidh, tá súil againn filleadh ar théarmaí breise tar éis laethanta saoire na Nollag agus na Cásca.

Molann Gaeltacht an Eachréidh duit do leibhéal Gaeilge a sheiceáil ar líne sula gcláraíonn tú, le bheith cinnte go bhfuil tú réidh don leibhéal B1. Tá tástáil leibhéal iontach ar líne ag Gaelchultúr atá éasca le húsáid agus a thógann thart ar 10 go 20 nóiméad ag an nasc seo: https://www.gaelchultur.com/en/assessment

Is in Óstán na nÁirsí a bhíonn ár ‘ciorcal comhrá’ seachtainiúil i mBaile Chláir ar siúl agus tá áthas orainn ár gcairdeas a leathnú leis an ngnó teaghlaigh seo atá i gcroílár phobal na Gaeilge i nGaeltacht an Eachréidh thar na blianta.

Caithfidh an €70 don téarma ocht seachtaine a íoc roimh ré ar an leathanach Eventbrite agus ní féidir le daoine íoc ag an doras ar an oíche. Leanfaidh Katie siollabas i mbliana a chuimseoidh cleachtaí éisteachta le déanamh sa bhaile.

Más mian leat fanacht ar an eolas faoi na ranganna seo agus áit a chur in áirithe a luaithe agus a bheidh na ticéid ar fáil, cláraigh le do thoil dár nuachtlitir mhíosúil tríd an gcód QR thíos.

Téigh i dteagmháil le Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil.

https://www.eventbrite.com/e/ranganna-gaeilge-i-mbaile-chlair-irish-language-classes-for-adults-tickets-1999275790709